Úsáideoir:SeoMac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Haigh

"Déanaim obair eagarthóireachta--ag obair ar ábhar oideachasúil go hiondúil. Bhí mé ag smaoineamh go mbeadh sé go deas an stuif a bhíonn idir lámha agam a athchúrsáil mar mhaithe leis an Vicipéid seo." Seanscéal na ndearún an méid sin. D'oibrigh mé ar roinnt téacsleabhar do na scoileanna i Louisiana, m.sh., ach amharc ar na hailt bheaga atá againn faoin stát úd. Gan trácht ar shraith leabhar a léigh mé do chiclipéid éigin eile.

Tá mé ag smaoineamh ar chur chuige eile (má bhím ábalta leanúint ar aghaidh anseo ar chor ar bith). Tá a lán alt faoi bhunthéamaí anseo nach bhfuil iontu ach síolta. Díomá ar léitheoirí agus ar pháistí sna gaelscoileanna agus páipéir le scríobh acu. Tá mé ag méadú an ailt fá dtaobh de Ge. Washington dil. Ba mhaith liom tabhairt fán gheograife ina dhiaidh sin—na hailt faoi thíortha, stáit SAM, India's Mheicsiceo, agus cúigí Cheanada is na Síne a mhéadú de réir a chéile. Móide corrchathair mhór. Beidh mé ag iarraidh na rudaí seo a dhéanamh: 1. gach a bhfuil sna bocsaí faisnéise a chur suas le dáta, má's gá, 2. paragraf nó dhó faoi stair na háite, 3. paragraf faoin gheilleagar, agus 4. griangraf nó dhó a bheith san alt. Agus nasc seachtrach a chur ann, b'fhéidir. Fágfaidh mé an gheograife, etc. don dara dul fríd.


[athraigh] Pictiúr fánach

Crann ipê-amarelo sa Bhrasaíl

[athraigh] Teangacha

en This user is a native speaker of English.


ga-3 Is féidir leis an úsáideoir seo cuir leis an Vicipéid le hardleibhéal Gaeilge.


es-3 Este usuario puede contribuir con un nivel avanzado de español.


fr-3 Cette personne peut contribuer avec un niveau avancé de français.
ZH2: 該用戶能以一般的中文進行交流
Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile