Plé:George Nicolas Papanicolaou

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

"Tástáil ar smearadh as muineál na broinne" an téarma Gaeilge a thugann Foclóir Fiseolaíochta agus Sláinte ar an "cervical smear test", arbh ionann é agus "Pap smear". Mar sin, is é sin an leagan oifigiúil. "Tástáil" an focal ceart ar "test" sa chiall áirithe seo. Níl "teasta" ar fáil ar aon nós i bhfoclóir Uí Dhónaill, cé go bhfuil "teist" ann ceart go leor. Panu Petteri Höglund 17:27, 1 Bealtaine 2006 (UTC) Aontaím leis an tearmaíocht sin. Is as mo chloigeann fhéin is ea a tháinig an focal 'teasta'. Go raibh maith agat. Níl fhios agam conas nascanna a chruthú le na leathnaigh ar an tábhar céanna i dteangacha eile. Bfhéidir go bfhéadfá é sin a dhéanamh don leathanach seo, le do thoil.DaithíÓ 07:00, 3 Bealtaine 2006 (UTC)[reply]

Chuir mé na naisc ansin anois. Ar an drochuair, tá duine éigin gan ainm ag déanamh "feabhsuithe" ar an gceartlitriú aríst. "Dar" le "a" gearr, gan síneadh fada, an litriú ceart, ar ndóigh. Panu Petteri Höglund 21:24, 4 Bealtaine 2006 (UTC) Go raibh maith agatDaithíÓ 08:16, 5 Bealtaine 2006 (UTC)[reply]