George Nicolas Papanicolaou

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGeorge Nicolas Papanicolaou

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(el) Γεώργιος Νικολάου Παπανικολάου
Beathaisnéis
Breith13 Bealtaine 1883
Kymi, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Feabhra 1962
78 bliana d'aois
Miami, Florida Cuir in eagar ar Wikidata
Ball d’Acadamh na hAithne
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na hAithne - míochaine (–1904)
Ollscoil Ludwig Maximilian, München Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheStáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchaisan Ghréigis
Gníomhaíocht
Gairmdochtúir leighis, paiteolaí, oinceolaí, gínéiceolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Cornell
Ollscoil Miami
Weill Cornell Medical Center (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghréigis agus Béarla
Ealaíontóirí gaolmharaAndromachi Papanikolaou (1914–1962) Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileAndromachi Papanikolaou Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 7431 Cuir in eagar ar Wikidata

Lia agus paiteolaí ba ea George Nicolas Papanicolaou (Gréigis: Γεώργιος Παπανικολάου). Rugadh ar 13 Bealtaine 1883 in Euboa sa Ghréig é, agus fuair sé bás ar 19 Feabhra 1962. Ghnóthaigh sé dintiúirí dochtúireachta sa Ghearmáin, in Ollscoil München, sa bhliain 1910, ach is sna Stáit Aontaithe a rinne sé an chuid ab fhiúntaí dá shaothar. Bhí post aige in Ospidéal Nua-Eabhrac agus in Ollscoil Cornell, i gColáiste Míocháine Weill.

Ba í an fhionnachtain ba thábhachtaí a rinne sé tástáil Papanicolaou, "smearadh Pap" a chuireann ar chumas dochtúirí Ailse Muineál na Broinne ceann de na cineálacha ailse is coitianta sna mná a aithint gan mhoill. Gnáth-thástáil anois í agus í saor agus sábháilte. Is féidir an ailse a aimsiú ar an bpointe agus othar a leigheas le hobráid shimplí dá bharr.

Thug Papanicolaou an chéad chuntas ar an modh tástála seo in alt dar teideal “Diagnosis of uteral cancer by vaginal smear” a foilsíodh sa bhliain 1943. Tháinig eileamh ar an tástáil ar fud an domhain, agus sábhálann sí na mílte gach bliain. Anois tá tionscadail mhóra leighis ag baint léi.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]