Plé:Conradh Meerssen

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

De réir an Chaighdeáin Deir Irlandija "Ní focal Gaeilge é "Meerssen" agus mar sin, de réir an Chaighdeáin, ní féidir séimhiú a chur ar an bhfocal (m. sh. scríobhtar "Conradh Maastricht", ní "Conradh Mhaastricht".

Ach tá Conradh Bheirlín agus Conradh Shíonáí i Focal.ie! D'athraigh mé 'Conradh Meerssen' go 'Conradh Mheerssen' nuair a thug mé faoi deara go raibh 'Conradh Mheerssen' in úsáid sa leabhair staire 'Stair na hEorpa 1. (an Cúigiú Cló, 1962). Bhí 'AN CAIGHDEÁN OIFIGIÚIL' amuigh ag an am sin, sa 'Tríú Clo´. Ní fhaca mé aon tagairt eile ar an gConradh seo in aon fhoilseachán Gaeilge eile .

86.158.216.2 21:44, 12 Eanáir 2011 (UTC)[reply]

Ach focail Ghaeilge iad Beirlín agus Síonáí. Ní focal Gaeilge é Meerssen. Féach ar na samplaí seo:

Franco contract -> Conradh Franco Maastricht Treaty -> Conradh Maastricht Treaty of Shinonoseki -> Conradh Shinonoseki (fuaimnítear an <sh> sa chás seo mar /ʃ/ nó <sh> an Bhéarla Treaty of Tientsin -> Conradh Tientsin

Ach, ag an am céanna, síleam go bhfuil an ceart againn baint a úsáid as téarmaí atá in úsáid áiteanna eile. Ní gá ach tagairt a chur ann san alt fhéin de réir polasaí na Vicipéide. --MacTire02 22:23, 12 Eanáir 2011 (UTC)[reply]
Cé go bhfuil an téarma 'Conradh Mheerssen' in úsáid in áit amháin eile (sa leabhair 'Stair na hEorpa 1.), mholainn an leagan caighdeánach 'Conradh Meerssen'!Éóg1916 15:59, 13 Eanáir 2011 (UTC)[reply]
Tá sé sin maith go leor liom. --MacTire02 17:11, 13 Eanáir 2011 (UTC)[reply]