Conradh Meerssen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teorainneacha nua Meerssen.

Ba chonradh críochdheighilte é Conradh Meerseen de chuid na hImpireachta Cairilínsí. Shínigh beirt mhac marthanach an Impire Lughaigh Cráifeach, Lughaidh Gearmánach ón Ríocht Oir-Fhrancach agus Séarlas Maol ón Ríocht Iar-Fhrancach é ar an 8 Lúnasa sa bhliain 870. De thoradh ar an chonartha rinneadh Lotharingia, iar-ríocht an Rí Lothair II, a bhfuair bás sa bhliain roimhe. Chuaigh Conradh Meerssen i bhfeidhm in ionad Chonradh Verdun (843), a scoilt críocha na hImpireachta Cairilínsí i dtrí ríocht, idir garmhic Shéarlais Mhóir, tríd an chuid ó thuaidh den Ríocht Mheánach a shín ó na sléibhte Jura san Eilvéis (mar atá inniu ann) go dtí an Mhuir Thuaidh - Lotharingia - idir an Ríocht san iarthar agus san oirthear. Ag an am seo, bhí cuid mhór de chósta na Freaslainne faoi smacht na Lochlannach agus dá bhrí sin ní raibh ach ‘deighilt ar pháipéar’ i gceist anseo.