Plé:Báinigh

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá an téarma 'barúntacht' san uimhir uatha níó san iolra! Dá bhrí sin níl 'iad' i gceart! Ériugena (plé) 15:27, 30 Iúil 2017 (UTC)[reply]

Tá, a Ériugena, tá "barúntacht" san uimhir uatha. Ach tagraíonn an forainm (an fo-ainmní) leis an ainmfhocal atá ina ainmní agus atá go díreach ina dhiaidh (.i. "Bánaigh" anseo).
Féach an abairt "Is múinteoir í Bríd" leis an forainm "í" cé go bhfuil an focal firinscneach "múinteoir" ann.
Nó, cuir i gcás sampla eile: "Is tír mhór iad na Stáit Aontaithe": "tír mhór" san uimhir uatha, ach "iad" agus "Stáit Aontaithe" san uimhir iolra.
Ar ndóigh, ní minic a léitear abairtí mar sin de bhrí gó bhfuil an chéad ainmfhocal níos minicí san uimhir iolra freisin ("Is fir iad na sagairt", m.sh.)
Ach roinnt samplaí as an litríocht: "is aonad iad oileáin na mBlascaeidí", "Is suarach an freagra iad tithe na mbocht.", "nárbh aon bhaol iad prátaí na Cipire", "nuair ba mhóramh iad tuismitheoirí naíonraí na Gaeltachta", " De bhrí gur dream iad na turasóirí cultúrtha", "gur dlúthchuid iad na hamhráin mhagúla", "Ba dheimhniú iad na tuairiscí", "An science fiction iad na Soiscéil?" agus araile. -- MacCambridge (plé) 00:36, 31 Iúil 2017 (UTC)[reply]
Sa chás seo sílim go bhfuil an ceart ag Ériugena, a MhacCambridge. Bíonn an ceart agat leis na hathruithe seo agat beagnach i gcónaí, ach bheadh 'iad' ró-cheart—rólitriúil, b'fhéidir gur chóir dom a rá. An duine a scríobhann, nó a deir, abairt mar seo, is ag tagairt don áit atá sé agus ní do roinnt 'báineach'. An rud céanna leis na Cealla Beaga. Go bhfios domh, ní thagraíonn daoine do na háiteanna seo leis an uimhir iolra den fhorainm. (Is fíor go bhfuil do shampla faoi 'Stáit Aontaithe' ceart, ní hionann an dá chás go hiomlán. Tá daoine cleachta leis mar ainm san iolra.) SeoMac (plé) 05:52, 31 Iúil 2017 (UTC)[reply]
Tagraítear: " Is iad na Cealla Beaga atá sa dara háit san tábla, ach tá ceithre chluiche déag imrithe acu. " (http://clgghaothdobhair.com/Notai.asp?id=255&page=76) Ach b'fhéidir gurbh fhearr go bhfágfaimis an forainm anseo ar lár? (de réir GGBC 16.6, ní bhaintear úsáid as an bhfo-ainmní ach "uaireanta"). Cad faoi an leagan seo chun uimhir agus inscne a sheachaint: "Barúntacht ... is ea Báinigh"? -- MacCambridge (plé) 12:17, 31 Iúil 2017 (UTC)[reply]