Pilib II na Spáinne
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Riamh anall ó fuair Pilib II na Spáinne (1527 - 1598) bás tá lucht a mholta á shamhlú ina eiseamláir agus a naimhde á shamhlú ina fhorlámhaí cúngaigeanta. Chothaigh Pilib féin an mhalairt tuairime seo nuair a choisc sé go bhfoilseofaí scéal a bheatha agus é beo agus a d'ordaigh sé go scriosfaí a chuid litreacha. Tá claonadh ag staraithe Béarla chun an chiall is measa a bhaint as a ndearna sé, iad á rá gur beag de shuim iad a chuid buanna (cés moite de Chath Lepanto agus de chúpla eachtra eile) agus gur mór an rud cibé mírath a tháinig air - briseadh roinnt den Chabhlach Mór (an Armada), mar shampla.
Clár ábhair |
Saol [athraigh]
Diúc Milano [athraigh]
Thosaigh réim Philib le hachrann faoi thiarnas Iodálach. Ar 1 Samhain 1535 cailleadh Francisco II Sforza, Diúc deireanach Milano; bhí gaol ag Ríthe na Fraince le muintir Visconti agus chuaigh François I na Fraince i ngleic le Séarlas I na Spáinne faoin scéal, cogadh a chríochnaigh le conradh sa bhliain 1538. Bhí baint fheodach ag Milán leis an Impireacht Naofa Rómhánach, agus ba é Séarlas an tImpire; bhronn sé an diúcacht go discréideach ar Philib ar 1 Deireadh Fómhair 1540. Deimhníodh seo arís go rúnda ar 5 Iúil 1546, agus sa bhliain 1550 nochtadh an scéal don domhan.
Rí Shasana [athraigh]
Sa bhliain 1553 fógraíodh cleamhnas idir Pilib agus Máire I Shasana. (Phós sé a gaol Marie Manuelle na Portaingéile cheana, sa bhliain 1543, cé gur cailleadh í go gairid tar éis bhreith a mic Don Séarlas na Spáinne (1545-1568).) Toisc nárbh fhéidir le bainríon aon duine a phósadh ar d'aicme níos ísle é, bhain Séarlas coróin Napoli de féin agus thug dá mhac í. Ar 25 Iúil 1554 phós Pilib Máire I, ach bhí coinníollacha diana ann chun neamhpleáchas na Bainríona a chosaint: níor fhéad Pilib dlíthe agus cearta na Sasanach a shárú, níor cheadmhach don Spáinn cabhair airgid nó míleata a iarraidh ar Shasana, agus b'éigean an tsíocháin a choinneáil leis an bhFrainc. Chloígh Pilib leis na coinníollacha seo, agus ba mhinic thar lear é cibé scéal é, go háirithe tar éis na bliana 1556, nuair a thug a athair coróin na Spáinne suas ar a shon.
Cailleadh Máire ar 17 Samhain 1558 agus gan aon chlann uirthi.
Corónacha Nua [athraigh]
Ar 22 Nollaig 1555 rinne Séarlas Ardtiarna na nÍsiltíortha agus Diúc na Burgúine de Philib, agus ar 16 Eanáir 1556 rinneadh Rí na Spáinne, na Sicile agus na nIndiacha de. Ach ba léir tar éis tamaill nár mhothaigh na hÍsiltíortha go raibh dlúthnasc idir iad féin agus an Spáinn, agus ba ghearr go raibh sé ina chogadh i bhFlóndras (i.e. stáit an tuaiscirt), cogadh a bhí á chothú ag an bhFrainc agus ag Sasana chun an Spáinn a lagú.
Rí na Portaingéile [athraigh]
Cailleadh Rí Sebastián na Portaingéile sa bhliain 1578 agus gan aon chlann air. Bhí éileamh ar an gcoróin ag Pilib trína mháthair Isibéal ó Avis. Bhí súil ag a lán daoine leis an gcoróin úd, ach bhí Pilib agus Antaine, ab Chrató, chun tosaigh; thacaigh an uaisle agus na heaspaig le Pilib agus chuaigh an choitiantacht leis an ab. Ghairm Antaine rí de féin, rud a ghríosaigh Pilib chun dul chun cogaidh. Buadh ar an ab ag Alacantará agus thug sé na hAsóir air féin, áit ar buadh arís air sa bhliain 1583.
Gairmeadh Rí na Portaingéile de Philib ar 12 Meán Fómhair 1580 mar Philib I.
Fadhbanna baile [athraigh]
I gcaitheamh a réime bhí ar an Rí déileáil lena lán fadhbanna baile: a mhac Séarlas, a rúnaí Antonio Pérez, agus an cogadh sna hAlpujarras. Chomh maith leis sin, bhí grúpaí Protastúnacha sa Spáinn, go háirithe i Valladolid agus i Sevilla.
An Prionsa Séarlas (1515-1568) agus an fhadhb ríoraíoch [athraigh]
Rugadh an Prionsa Séarlas do Philib agus dá chéad bhean chéile, María de Portugal. Bhí sé míshocair ina intinn agus bhí cuma mheath-thinn air. In Ollscoil Alacalá de Henares a fuair sé oideachas, agus bhí sé in achrann lena athair de bharr uisce faoi thalamh a dhéanamh agus iarraidh a thabhairt ar scian a shá sa Diúc de Alba. Gabhadh agus triaileadh é, agus coinníodh ina sheomraí é; ansin aistríodh é chun Caisleán Arévalo, áit a bhfuair sé bás le hocras (dhiúltaigh sé ithe) agus é ag rámhaillíocht. Scéal uafásach ba ea é a raibh a rian ar Philib go dtí lá a bháis.
Tar éis bhás Mháire Shasana phós Pilib Isabel de Valois, agus rug sí beirt iníon dó sular cailleadh í sa bhliain 1568. Faoin am sin bhí Pilib aon bhliain amháin is daichead agus é gan mhac. Drochbhliain amach ba ea í: éirí amach ar siúl sna hÍsiltíortha agus sna hAlpujarras, an Protastúnachas ag dul chun cinn sa Fhrainc agus i lár na hEorpa, foghail mhara an Bharbaire, an chontúirt Otamánach ag méadú.
Sa bhliain 1570 phós Pilib Anna de Austria, iníon a ghaoil Maximilian I. Rug sí beirt mhac; níor tháinig ach duine amháin acu i méid – Pilib III na Spáinne (1578-1621). Cailleadh Anna sa bhliain 1580 agus níor phós Pilib arís.