Paddy Bushe
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
File Éireannach is ea Paddy Bushe a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1948. Scríobhann sé i mBéarla agus i nGaeilge, agus tá sé ina chónaí i gCiarraí, i mBaile na Sceilge, faoi láthair. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánacht air chun cnuasach dátheangach a chumadh a bhaineann le taisteal sa Chianoirthear.
Rinne Bushe scannán cáipéise dar theideal The Truth About Kathmandu, a taispeánadh den chéad uair in Fhómhar na bliana 2009. Freagra a bhí ann ar an scannán Fairytale of Kathmandu, a chuir tús le conspóid faoi Chathal Ó Searcaigh, file. Sa scannán sin ag Bushe, cuireadh agallamh in athuair ar roinnt fear óg a bhí in Fairytale, agus cuma ní ba fabhraí ar an scéal i leith Uí Shearcaigh le feiceáil ann.[1]
[athraigh] Saothair
- Poems With Amergin (Baile Átha Cliath, Beaver Row Press, 1989)
- Teanga Le Iain Mac a 'Ghobhainn, Paddy Bushe a d’aistrigh (Baile Átha Cliath, Coiscéim, 1990).
- Counsellor (Ciarraí, Sceilg Press, 1991)
- Digging Towards The Light (Baile Átha Cliath, Dedalus Press, 1994)
- In Ainneoin na gCloch (Baile Átha Cliath, Coiscéim, 2001)
- Hopkins on Skellig Michael (Baile Átha Cliath, Dedalus Press, 2001).
- The Nitpicking of Cranes, (Dedalus, 2004)'.
- An Góstfhear, (Coiscéim, 2004).
- Gile na Gile, (Coiscéim 2005).
- To Ring in Silence, new and selected poems, (Dedalus, 2008).
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Irish Writers Online - beathaisnéis ghearr (as Béarla)
[athraigh] Tagairtí
- ↑ Kathmandu revisited to clear poet’s name, Colin Coyle, The Times, 13 Meitheamh 2009, curtha i dtaisce ar 13 D.F. 2009
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.