Pío Baroja

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPío Baroja

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(es) Pío Baroja y Nessi
Beathaisnéis
Breith28 Nollaig 1872
Donostia, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Deireadh Fómhair 1956
83 bliana d'aois
Maidrid, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar cardashoithíoch
Áit adhlacthaReilig Shibhialta Mhaidrid 40°25′19″N 3°38′09″W / 40.422081°N 3.635772°W / 40.422081; -3.635772
Reilig Shibhialta Mhaidrid Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversidad Central - míochaine Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheMaidrid
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, dochtúir leighis, file, drámadóir, scríbhneoir leighis, úrscéalaí, báicéir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraÚrscéal
GluaiseachtGlúin '98
TeangachaAn Spáinnis
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
AthairSerafin Baroja
SiblínCarmen Baroja agus Ricardo Baroja
Duine muintearthaJulio Caro Baroja (nia)
Pío Caro Baroja (nia) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0056179 Musicbrainz: e2e7d9a1-ad29-4477-a2d4-4b1e20fcd26b Discogs: 5015477 Find a Grave: 7536711 Cuir in eagar ar Wikidata
Dealbh Baroja i Madrid.

Scríbhneoir Spáinnise ó Thír na mBascach a bhí i bPío Baroja y Nessi, a rugadh i San Sebastián (Donostia) ar an 28 Nollaig 1872 agus a fuair bás i Maidrid ar an 30 Deireadh Fómhair 1956. Bascach a bhí ann féin, ach ní raibh mórán measa aige ar theanga a cheantair dhúchais, cé go raibh téamaí Bascacha agus radharcra na Tíre Bascaí le haithint ina lán scríbhinní a tháinig óna pheann.

Rinne sé staidéar le bheith ina dhochtúir, ach níor chleacht sé an cheird seo riamh - go bunúsach, ní raibh ann ach amhábhar don úrscéal El árbol de la ciencia ("Crann an Eolais"). Is é saol na mac léinn atá faoi chaibidil ag Baroja sa leabhar seo. Chaith sé seal i mbun bhácús a mhuintire, rud atá le haithint i saothair eile leis, ar nós La Busca ("An Cuardach").

Scríbhneoir próis a bhí ann thar aon rud eile, cé gur bhain sé triail as an drámaíocht freisin, agus scríobh sé aistí chomh maith.

Is iad na saothair is tábhachtaí ná:

  • an tríológ Bhascach: La casa de Aitzgorri, El mayorazgo de Labraz agus Zalacaín el aventurero;
  • an tríológ La lucha por la vida ("An Troid ar son na Beatha"): La busca, Mala hierba agus Aurora Roja;
  • an tríológ La raza ("An Cine"), mar atá: El árbol de la ciencia, La dama errante, agus La ciudad de la niebla;
  • an tríológ El pasado ("Na Laethanta a Bhí"), nó: La feria de los discretos, Los últimos románticos, agus Las tragedias grotescas;
  • an tríológ La vida fantástica ("An Saol Iontach"), is é sin, Aventuras, inventos y mixtificaciones de Silvestre Paradox, Camino de perfección (pasión mística) agus Paradox rey;
  • an tríológ Las ciudades ("Na Cathracha"), nó César o nada, El mundo es así agus La sensualidad pervertida;

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]