Píblíne Nabucco

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPíblíne Nabucco
Sonraí
Cineálpíblíne gháis Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
ÚinéirOMV Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinnabucco-pipeline.com Cuir in eagar ar Wikidata
Plean sna 2000idíː Píblíne Nabucco

Togra iompar gáis ó Mhuir Chaisp go dtí tíortha na hEorpa a bhí i Píblíne Nabucco,[1] Is éard a bhí i gceist leis ná gás don Eoraip nach de chuid na Rúise é. Ní rachadh an píobán trí chríocha na Rúise, ach ón Asarbaiseáin tríd an Tuirc go dtí an Ostair.

2020ː Osclaíodh an Trans Adriatic Pipeline

Píobán 3,300 ciliméadar ar fhaid a bhí le bheith ann. 31 milliún méadar ciúbach gáis in aghaidh na bliana a bhí sé le hiompar. Cosnódh Nabucco 8 mbilliún Euro.

Thosaigh staidéar féidearthachta sa bhliain 2002. I mí Eanáir 2010, cheadaigh an an tAontas Eorpach ciste 3.5 billiún Euro i gcomhair tograí fuinnimh. Ba Nabucco an togra ba fhlaithiúla a raibh an tAontas ag tacú leis, agus 250 milliún Euro an infheistíocht a bhí pleanáilte ag an am.[2]

Cealaíodh an togra Nabucco sa bhliain 2013. Ábhar teannais is ea spleáchas na hEorpa ar fhuinneamh ó thíortha eile agus tharraing an phíblíne seo agus phíblínte eile conspóid i gcónaí. Bhí togra eile ag an Rúis ag an am, 'South Stream'. Faoi dheireadh, sa bhliain 2020, osclaíodh an Trans Adriatic Pipeline.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Johnson (2011). "Gás don Eoraip: Trí Ollphíobán le Tógáil". Dáta rochtana: 2022.
  2. Diarmuid Johnson (2011). "Gás don Eoraip: Trí Ollphíobán le Tógáil". Dáta rochtana: 2022.
  3. 3.0 3.1 "Trans Adriatic Pipeline" (as en) (2022-03-21). Wikipedia.