Ospidéal Chontae Ros Comáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Freastalaíonn Ospidéal Chontae Ros Comáin ar Chontae Ros Comáin ar fad agus na ceantair ina thimpeall. Tá sé suite ar bhóthar an N61 díreach lasmuigh de bhaile Ros Comáin.[1] Osclaíodh é i lár Samhna 1941 in ionad an otharlann i mBaile na Mainistreach.[2] Tógadh an ospidéál ar chostas £120,000 agus ag an am ar thógadh é bhí 98 leaba ann do chásanna máinliachta agus leighis, mar aon le bardaí spesialta do leanaí agus máithreachas. [2]

Seirbhíseanna[athraigh | edit source]

Ón am ar osclaíodh é, cuireadh Ospidéal Chontae Ros Comáin raon leathan seirbhíseanna leighis agus máinliachta, san áireamh (ach ní amháin) fiaclóireacht, cúram corónach, gnáthamh máinliachta, péidiatraic, timpistí agus éigeandála, máithreachas agus síciatracht.

Dhúnadh roinn máithreachais an ospidéil i 1978 nuair a dhiúltaigh an Bord Sláinte cnáimhseoir-gínéiceolaí nua a cheapadh ann.[3] Ó am go h-am tar éis sin, áfach, saoladh leanaí sa Roinn Timpistí agus Éigeandála nuair a bhí cás éigeandála ann, toisc go raibh mná cabhrach cáilithe ag obair ann.[4]

Sa bhliain 2011, dhúnadh Roinn Éigeandála an ospidéil, rud a chruth conspóid polaitiúil.[5] Cuireadh "Ionad Cúram Práinne" ina áit, is féidir deileáil le cásanna áirithe Timpiste agus Éigeandála; de ghnáth aon tinneas nó ghortú nach bhfuil baint aige leis an gcliabhrach ná leis an gceann.[6]

Structúr bainistíochta[athraigh | edit source]

I mí na Nollag 2011, fógraíodh go gcomhcheanglódh ospidéal Ros Chomáin, Béal Átha na Sluaighe, Páirc Merlin agus Ollscoil na Gaillimhe mar ghrúpa ospidéal amháin, den ainm Grúpa Ospidéal Gaillimh/Ros Comáin.[7] Ar mhaithe cúrsaí bainistíochta agus buiséadach pléitear mar ionad amháin iad.

Tagairtí[athraigh | edit source]