Oscar Pistorius

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaOscar Pistorius

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Samhain 1986
37 bliana d'aois
Sandton, An Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachWhite South Africans (en) Aistrigh
Scoil a d'fhreastail sé/síOilthigh Shrath Chluaidh
Ollscoil Pretoria
Pretoria Boys High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan78 kg
Airde160 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiomaitheoir lúthchleasaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirtráibeáil Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2012Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2012
Meán Fómhair 2008Cluichí Parailimpeacha an tSamhraidh 2008
Meán Fómhair 2004Cluichí Parailimpeacha an tSamhraidh 2004 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
PáirtíReeva Steenkamp (2012–2013) Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh idúnbhású inmhilleáin Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
2014trial of Oscar Pistorius (en) Aistrigh
14 Feabhra 2013lámhach Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: OscarPistorius Instagram: oscarpistorius World Athletics: 14220961 Olympic.org: oscar-pistorius Cuir in eagar ar Wikidata

Lúthchleasaí parailimpeach agus seaimpín Oilimpeach de chuid na hAfraice Theas is ea Oscar Pistorius (a rugadh ar an 22 Samhain 1986). Tugadh 'The Blade Runner' air. Bhí clú air ar fud an domhan mar fhear spóirt agus buaiteoir bhonn Oilimpeach.[1]

Daegu 2011
International Paralympic Day, Londain 2011

Dúnmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caitheadh Reeva Steenkamp, mainicín agus cailín Pistorius, ag a theach cónaithe i Pretoria ar Lá le Vailintín 2013.[2] Bhí sé ráite ag Steenkamp ag an am go bpósfadh sí Oscar, dá gcuirfeadh sé ceist uirthi.[1]

Fuarthas amach go raibh drugaí i dteach Pistorius.[3] Tháinig sé chun solais chomh maith go raibh deartháir Oscair cúisithe as ucht bean a mharú i 2010, nuair a tharla timpiste bóthair idir Carl Pistorius agus tiománaí gluaisrothair.[1]

Ciontaíodh Pistorius i lámhach in 2013.[4] Á chosaint féin sa chúis ag an am, dúirt Pistorius gur cheap sé gur duine éigin eile a bhí ag iarraidh briseadh isteach ina theach agus gur scaoil sé urchair leis le teann imní agus faitís.[5] Ach dúirt na hionchúisitheoirí go raibh sé i gceist ag Pistorius Steenkamp a mharú agus gur theith sí go dtí an leithreas le linn achrainn.

In 2014 gearraidh pianbhreith 5 bliana ar Pistorius as dúnorgain, ach mhaígh an t-ionchúiseamh gur cheart é a chiontú i ndúnmharú mar gheall gur scaoil sé ceithre urchair trí dhoras leithris a bhí faoi ghlas.

In 2015, bhí an ciontú dúnmharaithe a gearradh ar Pistorius uasghrádaithe go dtí ciontú dúnmharaithe.

Gearradh pianbhreith eile ar Pistorius as an ciontú nua dúnmharaithe, agus ní gan dua.[6] Gearradh téarma príosúin air, 5 bliain ar dtús, in 2015, agus 13 bliain faoi dheireadh in 2017. I ndeireadh na dála, scaoileadh Pistorius saor ar pharúil ar an 5 Eanáir 2024.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Scott de Buitléir (2013). "Oscar Pistorius agus an dráma réaltachta < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-01-05.
  2. Nuacht RTÉ (2015-12-03). "Oscar Pistorius ciontaithe i ndúnmharú" (as ga-IE). 
  3. Scott de Buitléir (2013). "An Ionann Dópáil agus Drugaí? < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-01-05.
  4. "Trial of Oscar Pistorius" (as en) (2024-01-05). Wikipedia. 
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2024-01-05). "Oscar Pistorius saortha ón bpríosún" (as ga-IE). 
  6. Nuacht RTÉ (2016-06-13). "Pistorius ar ais os comhair Cúirte" (as ga-IE).