Ollscoil na hÍoslainne
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
Ollscoil na hÍoslainne |
|
|---|---|
| Bunaithe | 1911 |
| Reachtaire | Kristín Ingólfsdóttir |
| Foireann teagaisc | 993 |
| Mic léinn | 9,939 |
| Láthair | Réicivíc, an Íoslainn |
| Comhcheangail | EUA, Utrecht |
| Láithreán Gréasáin | http://www.hi.is/ |
Ollscoil na hÍoslainne, Réicivíc. |
|
Ollscoil náisiúnta na hÍoslainne is ea í Ollscoil na hÍoslainne (Íoslainnis: Háskóli Íslands). Bunaíodh í i Réicivíc i 1911, agus inniu tá timpeall 8,000 dalta ag freastal air.
An ollscoil is mó sa tír is ea í, agus an áit oibre is mó chomh maith. Bhí an ollscoil lonnaithe san Alþingishúsið (suíomh rialtais na hÍoslainne, an Althing) idir 1911 agus 1940. Thosaigh crannchur na hollscoile sa bhliain 1934 ar a ghlaoitear Happdrætti Háskólans, chun airgead a bhailiú chun foirgnimh nua a chur ar fáil. Tá an crannchur ar siúl go fóill.
Is í Kristín Ingólfsdóttir uachtarán na hollscoile inniu, an chéad bhean a bhuaigh an post.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
