Oll-lámhaigh sna Stáit Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oll-lámhaigh sna S.A. sa bhliain 2015

Tá eachtraí oll-lámhaigh ag éirí níos coitianta sna Stáit Aontaithe - measann an Chartlann um Fhoréigean Gunnaí gur tharla 198 eachtra idir Eanáir - Bealtaine 2023, an líon is mó eachtraí ó bhí 2016 ann.[1]

2000-2021

Gafa le gunnaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinse ː Pew Research, 2021

Sa bhliain 2004 rinne taighdeoirí in Ollscoil Harvard staidéar ar an gcóimheas idir ghunnaí agus dúnmharaithe agus d’éirigh leo fianaise chuimsitheach a thabhairt chun solais ag léiriú go mbíonn níos mó dúnmharaithe i dtíortha/áiteanna ina gceadaítear gunnaí go forleathan i gcomparáid le ceantair eile.[2] Agus iad ag tabhairt cúinsí eacnamaíochta agus fostaíochta san áireamh, léirigh na taighdeoirí seo gur coitianta i bhfad dúnmharaithe sna ceantair ina bhfuil gunnaí ar fáil go furasta.[1]

Tuigtear go raibh 89 gunna i Meiriceá in aghaidh gach 100 duine sa bhliain 2012 (níos airde fós anois); an cóimheas is mó ar domhain. Cuir an uimhir seo i gcomparáid leis an India, an dara cóimheas is mó: 4 ghunna in aghaidh gach 100 duine. Is léir ón bhfigiúr seo go bhfuil muintir Mheiriceá go hiomlán gafa le gunnaí.[1]

Is baolach anois go bhfuil an iomarca gunnaí ar fáil i Meiriceá cheana féin agus go bhfuil sé ródhéanach aon ‘ghníomh suntasach’ a chur i gcrích.[1]

Bolscaireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Deir lucht na ngunnaí i Meiriceá go minic nach maraíonn gunnaí daoine. Fíor, ach is fusa do dhuine duine eile a mharú i dtír ina bhfuil úinéireacht ghunnaí mar cheart bunreachtúil ná i dtíortha ina bhfuil dlíthe láidre iontu ag smachtú sin.
  • Deirtear chomh maith go bhfuil an locht ar an gcóras sláinte; nach bhfuil dóthain tacaíochta ar fáil do dhaoine a bhfuil meabhairghalair orthu.
  • Deirtear freisin go mbainfí úsáid as airm eile ar nós sceana agus clocha má athraítear an dlí,[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann an Dara Leasú ar Bhunreacht na Stát Aontaithe an ceart do gach saoránach i Meiriceá gunna a bheith ina sheilbh aige.[3] Cé go bhfuil difríochtaí ó stát go stát maidir le dlíthe, ní féidir an ceart seo a shárú gan an Bunreacht a leasú athuair.[4]

raidhfil AR-15, táirgeadh ː Is baolach go bhfuil an iomarca gunnaí ar fáil i Meiriceá cheana féin agus go bhfuil sé ródhéanach aon ‘ghníomh suntasach’ a chur i gcrích.

Ionsaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

1999ː. Ardscoil Columbine i gColorado

2007ː Lámhach Virginia Tech

2012ː Lámhach Sandy Hook

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Nuacht RTÉ (2023-05-07). "Ochtar maraithe in ionsaí gunna i Texas" (as ga). 
  2. 677 Huntington Avenue, Boston, Ma 02115 (2012-08-27). "Homicide" (en-us). Harvard Injury Control Research Center. Dáta rochtana: 2023-05-13.
  3. "Second Amendment to the United States Constitution" (as en) (2023-05-10). Wikipedia. 
  4. College Tribune / COBÁC (2013-02-14). "Gafa le Gunnai – SAM ar strae" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-05-11.