Oileáin Auckland

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh Oileán Auckland siar ó dheas ón Nua-Shéalainn

Oileánra iargúlta sna Farraigí Theas is sea Oileán Auckland. Tá siad suite 465 ciliméadar siar ó dheas ón chalafort Bluff ar Oileán Theas na Nua-Shéalainne. Cuid d'Oileáin Fho-Anarctacha na Nua-Shéalainne iad. Tá na hoileáin neamháitrithe.

Geograife[athraigh | edit source]

Íomhá saitilíte d'Oileáin Auckland. Tá an t-iardheisceart thuas ar chlé.

Is é Oileán Auckland an príomhoileán den ghrúpa agus 510 ciliméadar cearnach ann. Tá sé 42 ciliméadar ar fhad. Aillte crochta agus tírdhreach gharbh iad sainghnéithe an oileáin. Múr d'aillte atá sa chósta thiar. An ceann thoir thuaidh (in éineacht le hOileán Enderby trasna chaolais bhig uaidh) an t-aon áit a bhfuil talamh ann arbh fhéidir le héinne a shaothrú.

Stair na n-oileán[athraigh | edit source]

Polainéisigh na chéad daoine a tháinig chuig na hoileáin. Is féidir gurb ón 13ú haois na hiarsmaí díobh atá faighte ag seandálaithe ar Oileán Enderby. Is iad Oileáin Auckland an pointe is faide ó dheas dár shroich na Polainéisigh.[1]

Cósta theas Oileáin Adams, an t-oileán is faide ó dheas

Ba é an chéad uair ar tháinig daoine eile ar na hoileáin ná teacht loinge Briotanaí sa bhliain 1806. Bhí na hoileáin tréigthe faoin am sin. Sa bhliain 1842, chuir scata Māori, in éineacht lena gcuid sclábhaithe Moriori, chuir siad fúthu ar iarthuaisceart an phríomhoileáin. Mhair an lonnaíocht úd fiche bliain. Sa bhliain 1849, tháinig scata Sasanach chomh maith. D'fhan siad seo dhá bhliain go leith. Ní raibh duine ná deoraí fágtha faoin bhliain 1863, nuair a cuireadh na hoileáin go hoifigiúil den chéad uair le líon na limistéar faoi réir na Nua-Shéalainne.

Bhristí longa timpeall na n-oileán chomh minic sin gur chuir an rialtas trí háit ar bun ar Oileán Auckland a raibh soláthar ann dóibh siúd a thiocfadh leo an t-oileán a bhaint amach. Tugann eolaithe cuairt ar na hoileáin go rialta agus ceadaítear turasóireacht ar an bpríomhoileán agus ar Enderby.

Léitheoireacht[athraigh | edit source]

  • Island of the Lost: Shipwrecked at the Edge of the World (2007), Joan Druett. Algonquin Books of Chapel Hill, Chapel Hill, Carolina Thuaidh, SAM

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]