Noel Coward

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Noël Coward sa bhliain 1972

Scríbhneoir, drámadóir agus amharclannaí Sasanach a bhí i Sir Noël Peirce Coward a saolaíodh in Teddington, bruachbhaile de chuid Londan, ar an 16 Nollaig 1899 agus a shíothlaigh i bPort Maria, Iamáice, ar an 26 Márta 1973. Chuaigh sé ar scoil damhsóireachta nuair a bhí sé ina pháiste, agus ní raibh sé ach aon bhliain déag d'aois nuair a chonacthas ar an stáitse an chéad uair é. Ní raibh ann ach déagóir nuair a fuair sé aithne ar shaol galánta na ndaoine móra, agus sin é an cineál saoil ar ar thug sé cur síos ina lán drámaí. Ina dhéagóir dó a chuaigh sé i mbun pinn agus bhreac sé síos breis is leathchéad de dhrámaí i rith a ghairmréime. Inniu féin is iomaí dráma leis a stáitsítear go tráthrialta. Bhí sé ina scríbhneoir amhránaí fosta, agus tháinig úrscéal amháin agus lear gearrscéalta óna pheann chomh maith. Chuaigh a shaothar i bhfeidhm ar lucht a chomhaimsire agus is féidir a thionchar a aithint ar a lán de phopchultúr an lae inniu féin.

Tagairtí[athraigh | edit source]


CEOL
Is síol ceol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.