Nikolai Rimsky-Korsakov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nikolai Rimsky-Korsakov

Cumadóir ceoil ab ea é Nikolai Andreyevich Rimsky-Korsakov (Rúisis: Николай Андреевич Римский-Корсаков, Nikolaj Andreevič Rimskij-Korsakov, freisin Nikolay, Nicolai, agus Rimsky-Korsakoff, rugadh Tikhvin, in aice le Novgorod, 18 Márta 1844; d'éag Lybensk, in aice le St Petersburg, 21 Meitheamh 1908). Ba é duine de na cumadóirí ceoil ba chlúití lena linn agus bhí tionchar aige ar chuid mhaith cumadóirí comhaimsirthe. Bhain sé an chlú is mó amach dá chuid ceoildrámaí, ceol le haghaidh ceolfhoirinn agus amhráin. Ba bhreá leis bheith ag scríobh ceol bunaithe ar an mbéaloideas agus seanscéalta a mhuintir. Bhí saol cruthaíoch thar a bheith torthúil aige. Ag pointe amháin bhí sé mar mhuinteoir ag Sergei Prokofiev.

Ceann de na píosaí is cáiliúla dár scríobh sé ná Sheherazade, scéal an bhean úd i Míle Oíche agus Oíche. Píosa eile leis atá aitheannta go forleathan ná The Flight of the Bumble Bee (Eitilt na Beiche).