Míle Oíche agus Oíche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lámhscríbhinn

Bailiúchán finscéalta ó na tíortha Ioslamacha é Míle Oíche agus Oíche, nó na hOícheanta Arabacha, mar a thugtar orthu go minic i dtíortha an Bhéarla. Is é fráma an scéil go bhfuil col glactha ag an Rí Shahryar leis na mná go léir, agus é tar éis a chéad bhean chéile a mharú, nuair a fuair sé amach nach raibh sí dílis dó. Ansin, bhí sé ag pósadh mná i ndiaidh mná, agus iad á gcur chun báis ar an chéad lá tar éis lá a bpósta. Sa deireadh, thairg iníon an Ard-Visír, Sheherazade, an rí a phósadh. Le teacht an tráthnóna, thosaigh Sheherazade scéal a insint dá fear céile, ach níor inis sí deireadh an scéil, agus mar sin, b'éigean don Rí Shahryar bás an chailín a chur ar fionraí, go dtí go gcluinfeadh sé deireadh an scéil. Chuala, ach ansin, thosaigh an cailín ar an gcéad scéal eile, agus b'éigean do Shahryar an pionós báis a chur ar fionraí in athuair. Sa deireadh, chaith sé míle oíche agus oíche ag cloisteáil lena bhean chéile ag scéalaíocht, agus ina dhiaidh sin, ní bhfuair sé óna chroí a thuilleadh Sheherazade a chur chun báis.

Maidir leis na scéalta sa bhailiúchán, tháinig siad óna lán foinsí cosúil le béaloideas na hAraibe is na hÉiméine, chomh maith le miotaseolaíocht na Measpatáime, an litríocht Pheirseach, an Éigipt, an tSiria, an Mhion-Áise agus eile. Is féidir a rá gurb é an bailiúchán réamh-Ioslamach de scéalta Peirseacha, Hazar Afsan ("Míle Scéal") an chéad síol le Míle Oíche agus Oíche. Tabhair faoi deara gur ainmneacha Peirsise iad Sheherazade agus Shahriyar - "bean ón gcathair" is brí le Sheherazade, agus ciallaíonn Shahriyar "rí" nó "flaith".

Creidtear go dtéann Míle Oíche agus Oíche mar choincheap siar go dtí an naoú haois i ndiaidh bhreith Chríost, ach níl lámhscríbhinní Araibise fágtha againn a bheadh chomh sean sin. An lámhscríbhinn is sine atá ann, breacadh síos í sa cheathrú haois déag.

Cuireadh an chéad suim i Míle Oíche agus Oíche san Iarthar sa naoú haois déag, nuair a tháinig an chéad aistriúchán Fraincise i gcló, an ceann a rinne Antoine Galland. Maidir leis an leagan Iartharach, tá scéalta áirithe ann nach bhfuil ar fáil sna leaganacha Araibise den bhailiúchán, cosúil leis an gceann faoi lampa draíochta Aladdin, an ceann faoi Ali Baba agus an daichead robálaithe, nó an ceann faoi Sindbad na Seacht dTuras Mara. Is dócha gur fíor-fhinscéalta Arabacha iad sin freisin, ach fuair na haistritheoirí Iartharacha ó fhoinsí eile iad.