Neamhaidréinéirgeach neamhcholainéirgeach
Cur síos ar shnáithíní néarógacha uathoibríocha nach é noraidréinilín nó aicéitiolcoilín an néaratharchuradóir iontu. Freastalaíonn na néaróga seo ar na haerbhealaí, an lamhnán, an stéig is na baill ghiniúna. Is féidir gurb é ceann éigin de na púiríní (trífhosfáit adanóisín, mar shampla) an néaratharchuradóir NANC, nó peiptíd éigin (polaipeiptíd shoitheachghníomhach stéigeach, mar shampla).[1]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Neamhaidréinéirgeach neamhcholainéirgeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 479.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |