Núicléónaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Núicléónaic[1] a thugtar ar na teicneolaíochtaí go léir a bhaineann le himoibreoirí núicléacha is a n-oibriú. Cuimsíonn sí na modhanna sábháilte chun ábhair radaighníomhacha a ionramháil is a eagrú i bhfoirm inúsáidte don imoibreoir, aistriú an teasa do na coirí is na tuirbíní chun cumhacht leictreach a ghiniúint, dearadh is tógáil na n-aonad seo go léir i struchtúir a bheidh sábháilte sa ghnáthúsáid is i gcás mífheidhmithe. Tagann dearadh is úsáid na n-ionstraimí a dhéanann monatóireacht is a stiúrann an radaighníomhaíocht isteach sa scéal freisin, agus conas an dramhaíl radaighníomhach a ionramháil is a stóráil.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “núicléónaic” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-15.
  2. Hussey, Matt (2011). "Núicléónaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 489.