Monte Carlo
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é an limistéar riaracháin is saibhre i Monacó é Monte Carlo (Ocsatáinis: Montcarles, Monégasque: Monte-Carlu) agus creidtear go hearráideach uaireanta go bhfuil sé ina phríomh-chathair, cé nach bhfuil a leithéid ann. Tá Monte Carlo aithnidiúil mar gheall ar a chearrabhas, a chasinó, a charasma, agus na daoine mór le rá a bhíonn le feiceáil go minic ag súil a chuid sráideanna.
Tá daonra buan timpeall ar 3000 daoine ann. Áirítear an chomharsanacht Saint Michel, Saint Roman/Tenao, agus an trá-bhaile Larvotto freisin mar chuid den limistéir. Tá an baile Francach Beausoleil (ainm roimhe seo ná Haut-Monte-Carlo) in aice le Monte Carlo. Bunaithe sa bhliain 1866, tá bunús Iodálach len a ainm 'Monte Carlo', an brí a bhí leis ná 'Sliabh Shéarlais', i gcuimhne ar an phrionsa Charles III Mhonacó. Tá an sliabh seo ina scairp ag bun na nAlp cois na farraige, áit a bhfuil an baile suite. Tá an an chuid is mó den 'Circuit de Monaco' reáchtáilte i Monte Carló, ina mbíonn rásaíocht Fhoirmle a hAon ar siúl, agus is ósteagraíocht é freisin do chraobh an domhain don chluichí dornála, an Monte Carlo Masters ( craobhchluiche idirnáisiúnta leadóige), an 'European Poker Tour Grand Final' agus an 'World Backgammon Championship', srl.
Is ceann de phríomhionad saoire na hEorpa é Monte Carlo, cé go bhfuil na háiteanna is mó tóir orthu i gceantracha eile i Monacó, lena n-áirítear Ardeaglais Mhonacó, Iarsmalann Napoleon, Iarsmalann Aigéaneolaíochta & an tIasclann, agus Pálás an Phríonsa, atá uilig lonnaithe i Monacó-Ville.