Mohamed ElBaradei

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mohamed ElBaradei.

Is taidhleoir Éigipteach é Mohamed ElBaradei (Araibis: محمد البرادعي), a rugadh ar 17 Meitheamh, 1942. Tá ElBaradei ina Ard-stiúrthóir ar an International Atomic Energy Agency (IAEA) ó 1 Nollaig, 1997 go dtí an lá atá inniu ann. Bhuaigh ElBaradei, agus an ghníomhaíocht féin, Duais Nobel sa bhliain 2005.

Ba dhlíodór agus polaiteoir é roimhe sin, a rinne staidéar i gCaireo agus Nua-Eabhrac. B'eisean agus a réamhtheachtaí san IAEA Hans Blix a bhí san Iaráic sa bhliain 2003, ag lorg "airm ollscriosta".