Mná na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóMná na hÉireann
Cineálsaothar ceoil
Seánraceol tíre traidisiúnta
TeangaBéarla
LiriceoirPeadar Ó Doirnín
CumadóirSeán Ó Riada
Musicbrainz: 57bc411d-5246-3621-8326-c4136b8a6fe4 Cuir in eagar ar Wikidata

Is dán a scríobh an file Ultach Peadar Ó Doirnín (1700–1769) é Mná na hÉireann. Bhain an dán cáil amach mar amhrán, go háirithe ó cuireadh na véarsaí le fonn a chum Seán Ó Riada (1931–1971).

Bhí Peadar Ó Doirnín ina chónaí i bhFoirceal i ndeisceart Ard Mhacha agus tá sé curtha i reilig in aice láimhe i gContae Lú. Is fearr aithne air as a amhrán ‘Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte’.[1] Ba é an Dr. Breandán Ó Buachalla a thug an teideal ‘Mná na hÉireann’ ar na liricí nuair a chuir sé duanaire de dhánta Uí Dhoirnín in eagar in 1969.

An Dán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh is mo sháith le n-ól
Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe mo ráfla ceoil
Ná seinm théad; atá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beo
Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód

Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg
Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo;
Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo
Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin.

Tá bean i Laighnibh is nios mhiste léithe bheith láimh liom ar bord,
Is tá bean i bhFearnmhaigh a ghéabhadh bhéarsai is is sárbhinne glór,
Bhí bean ar thaobh cnoic i gCarraig Éamoinn a níodh gáire ag ól
Is tráth bhí ina maighdean ní mise d'éignigh dá chois ó chomhar.

Tá bean a leaghfadh, nífeadh is d'fhuaifeadh cáimric is sról,
Is tá bean a dhéanfadh de dh'olainn gréas is thairnfeadh an bhró
Tá bean is b'fhearr leí ag cruinniú déirce nó cráite re cró
Is tá bean 'na ndéidh uile a luífeadh lé fear is a máthair faoi fhód

Tá bean a déarnadh an iomad tréanais is grá Dia mór,
Is tá bean nach mbéarfadh a mionna ar aon mhodh is nach n-ardódh glór;
Ach thaisbeáin saorbhean a ghlacfadh lé fear go cráifeach cóir
Nach mairfeadh a ghléas is nach mbainfeadh léithe i gcás ar domhan.

Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór,
Is tá bean 'na léine is fearr a méin ná táinte bó
Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain,
Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ní Uallacháin (6 October 2017). “Peadar Ó Doirnín”. orielarts.com. Ceoltaí Éireann. Dáta rochtana: 14 November 2023.