Miriam Makeba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

B'amhránaí iomráiteach í Miriam Makeba, nó Mama Afrika, a rugadh in Johannesburg san Afraic Theas ar an 4 Márta 1932 agus a fuair bás de thoradh taom croí ar an 10 Samhain 2008 tar éis ceolchoirme in Castel Volturno na hIodáile. Chan sí amhráin a raibh meascán iontu den snagcheol agus de cheol traidisiúnta a tíre dúchais, agus bronnadh Gradam Grammy uirthi sa bhliain 1966.