Meitniriam
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Meitniriam | |
| Siombail Cheimiceach | Mt |
| Uimhir Adamhach | 109 |
| Meáchan Adamhach | 278 |
| Grúpa, Peiriad | 9, 7, d |
| Dlús | |
| Sraith Cheimiceach | Miotail thrasdultacha |
Is é an meitniriam dúil cheimiceach uimhir a 109 i dtábla peiriadach na ndúl agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Mt. Tá sé curtha mar an comhalta is troime den ghrúpa 9 (nó VIII) sa tábla peiriadach, ach níl iseatóp cobhsaí go leordhóthanach ar fáil nó ar eolas againn faoi láthair a cheadódh turgnaimh cheimiceacha a dhearbhódh a sheasamh, murab ionann agus a chomharsana níos éadroime.