Matamaitic nua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Téarma chun cur síos ar ábhair mhatamaiticiúla a tugadh isteach sa churaclam scoile níos déanaí ná ábhair thraidisiúnta, agus nach bhfuil coitianta do thuismitheoirí ná an gnáthphobal. Le fírinne, ní nua atá an mhatamaitic seo, a chuimsíonn ábhair cosúil le teisiliú — oiriúnú patrúin rialta clár taiplíse dá chéile — agus tarraingt léaráidí Venn le deighilt nó forluiteacht tacar a léiriú.