Martin Petrov
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is imreoir sacair gairmiúil é Martin Petrov. As an mBulgáir dó. Rugadh Petrov ar an 15 Eanáir 1979.
Ba é Botev Vratsa a chéad fhoireann ghairmiúil. D'imir sé le CSKA Sofia ina dhiaidh sin, agus ansin d'imigh go Servette san Eilbhéis. D'éirigh go maith leis ag Wolfsburg agus i samhradh na bliana 2005 cheannaigh Atlético Madrid é (€10 milliún). I mí Iúil 2007 cheannaigh Manchester City é. D'imigh sé go Bolton Wanderers sa bhliain 2010.
Is imreoir tábhachtach é d'fhoireann náisiúnta na Bulgáire.