Maois

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Maois

Fáidh agus reachtóir Eabhrach a bhí i Maois. Deirtear gurbh é Maois a scríobh an Torah. Tá sé an-tábhachtach sa Bhíobla. Dar le scoláirí áirithe áfach, ní raibh ann ach carachtar finscéalaíochta.

Saol de réir an Bhíobla agus an Quran[athraigh | edit source]

Breith Mhaois[athraigh | edit source]

Tháinig muintir Iosrael go dtí an Éigipt in aimsir Iacóib. Chuireadar fúthu sa tír sin agus chuadar i líonmhaire go mór Chuir an Faró saoistí saothair os a gcionn chun iad a chloí le hualaí troma; agus thógadar cathracha. Cuireadh iallach ar mhuintir Iosrael seirbhis an éigin a dhéanamh, agus fágadh an saol go searbh acu le hobair dhian. Thug an Faró ordú dá mhuintir go léir: gach gin mhic a bhéarfaí do na hEabhraigh a mharú. Um an dtaca sin, ghabh bean de threibh Léiví gin agus rug sí mac. Chuir sí i bhfolach é ar feadh trí mhí agus ansin nuair a chuaigh di é a choimeadi bhfolach a thuilleadh, fuair sí cléibhín paipíre dó agus chuimil sí bitiúman agus pic de, agus chuir a mac ann, agus chuir i measc na n-eileastram ar bhruach na habhann é. Sheas a dheirfiúr i leataobh tamall. Tháinig banphrionsa Éigipteach anuas lena hionailtí chun í féin a fholcadh san abhainn. Fuair sí an leanbh agus bhí trua aici dó. Dúirt an deirfiúr léi go bhfaigheadh sí bean i measc na nEabhrach chun an leanbh a oiliúint di. Ghlaoigh an deirfiúr ar mháthair an linbh Ina dhiaidh sin bhí sé amhail mac ag an mbanphrionsa agus bhaist sí an t-ainm Maois air.

I Midián[athraigh | edit source]

Nuair a bhí Maois ina fhear chonaic sé Éigipteach ag bualadh Eabhraigh, duine dá mhuintir agus mharaigh sé an tÉigipteach. Bhí air teitheadh on Éígipt. D’fhan sé i dtír Mhidián agus phós Zipiorá, bean de mhuintir na tire sin. Rug sí mac agus thug sé Géirsiom mar ainm air toisc go raibh sé féin ina dheoraí (gér). Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró. Tháinig sé go sliabh Horaeb. Labhair Dia leis ansin agus dúirt leis filleadh ar an Éigipt toisc muintir Iosrael a bheith i gcruachás.

Filleadh ar an Éigipt agus imeacht na nIosraelach[athraigh | edit source]

Ach níor thug an Faró aon aird ar Mhaois agus a dheartháir Árón go dtí gur tháinig deich bplá ar ar an tír. Ansin thug sé cead do na hEabhraigh an Éigipt a fhágáíl. Tháinig malairt aigne air, áfach, agus chuaigh sé féin agus a shaighdiúirí sa tóir orthu. Shroicheadar ‘’Yam Suph’’ (meastar anois gur Muir na nGiolcach seachas an Mhuir Rua a bhí i gceist leis seo). Shín Maois a lámh os cionn na n-uiscí agus thiomáin Dia an fharraige ar ais le gaoth láidir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim de. Dheighil na huiscí óna chéile, agus ar aghaidh le clann Iosrael isteach i lár na n-uiscí. Chuaigh na hÉigiptigh sa tóir orthu. Ba dheacair dóibh dul chun cinn ina gcarbaid agus bádh iad nuair a d’fhill na huiscí ar ais anuas orthu, ach tháinig na hIosraelaigh slán.

San fhásach[athraigh | edit source]

Sheol Maois na hIosraelaigh ar aghaidh ó Mhuir na nGiolcach agus isteach leo san fhásach. Bhí an pobal ag monabhar in aghaidh Mhaois óir nach raibh uisce le hól acu. Ghlaoigh Maois chun Dé agus thaispeáin Dia crann dó; chaith Maois an crann sin isteach san uisce agus d’éirigh sé milis. Shroich na hIosraelaigh Éilím mar a raibh dhá thobar déag fíoruisce agus seachtó crann pailme agus shuíodar a gcampa láimh leis.

Manna agus Gearga[athraigh | edit source]

Chuireadar chun siúil arís ó Éilím, agus shroicheadar fásach Shín, idir Éilím agus Síonái, ar an gcúigiú lá déag den dara mí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil. Chromadar ar mhonabhar in aghaidh Mhaois agus Árón arís óir nach raibh bia a ndóthain acu. Ach thug Dia manna agus gearga dóibh.

Uisce ón gCarraig[athraigh | edit source]

Bhog comhthionól na nIosraelach leo ar aghaidh óna gcampa i bhfásach Shín agus shuíodar a gcampa i Reifídím, áit nach raibh aon uisce le hól acu. Chromadar ar chasaoid le Maois. Dúirt Dia le Maois: “Tabhair leat cuid de sheanóirí Iosrael agus téigh ar thosach an phobail. Beir i do láimh ar an tslat lenar bhuail tú an abhainn, agus seo leat. Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.” Dhein Maois amhlaidh.

I nGleic le hAmailéic[athraigh | edit source]

D’ionsaigh muintir Amailéic na hIosraelaigh i Reifídím. Throid slua Iosrael leo faoi cheannas Iósua ach chuaigh Maois agus Árón agus Húr go mullach cnoic. Fad a choinnigh Maois a lámh in airde, bhí an lá le hIosrael, ach nuair a ligeadh sé anuas í, bhíodh an lámh in uachtar ag slua Amailéic. Bhuail tuirse Maois ach shuigh sé ar chloch agus Árón agus Húr ag coinneáil a lámh in aired. Bhí an bua ag Iósua.

Deich nAitheanta[athraigh | edit source]

Chuireadar chun siúil arís ó Reifídím agus shuíodar a gcampa ansiúd san fhásach os comhair shliabh Shíonái. Thug Dia Deich nAitheanta do Mhaois ar Shliabh Shíonáí.

San fhásach, bás Mhaois[athraigh | edit source]

Chaith na hIosraelaigh 40 bliain san fhásach, ansin thrasnaigh said abhainn na hIordáine, dheineadar ionradh ar Chanán agus chuireadar fúthu sa tír sin. Cailleadh Maois ar bhruach thoir na hIordáine, áfach, sular thrasnaigh na hIosraelaigh an abhainn.