Mao Zedong

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Mao Tse-tung)
Mao Zedong
毛澤東
Mao.jpg

1ú Cathaoirleach Pháirtí Cumannach na Síne

Dáta breithe Nollaig 26, 1893
  Shaoshan, Hunan,An tSín
Páirtí Páirtí Cumannach na Síne
Gairm Múinteoir
Síniú
Mao Zedong Signature.svg

Bhí Mao Zedong (fuaimniú(cabhair, comhaid)) (de réir an chórais pinyin, Mao Zedong; Shaoshan, Hunan, 26 Nollaig 1893 - Péicing, 9 Meán Fómhair 1976) ar an gcéad cheannaire Cumannach den tSín.

Ba iad na fórsaí Cumannacha a rug an chraobh leo i gcogadh cathartha na tíre úd sa bhliain 1949 agus chuir Mao deachtóireacht Chumannach ar bun. Cuirtear ina leith go raibh a réimeas ciontach as breis is seachtó milliún duine a mharú trí bheartais chrua eacnamaíocha agus shóisialta. Le cabhair Stailín a tháinig sé i réim, ach d'éirigh idir é agus na Sóivéadaigh, rud a ghríosaigh é chun tabhairt faoi cheannas a fháil ar an Chumannnachas idirnáisiúnta.

Is minic a thugtar Maochas ar leagan Mao den idé-eolaíocht Mharcsach, cé gur thug na húdaráis Shíneacha Smaointeachas Marcsach-Leiníneach Mao Zedong air nó frith-athbhreithniú; déanann an dara téarma tagairt don athbhreithniú idé-eolaíoch a rinne ceannairí an Aontais Shóivéadaigh i ndiaidh bhás Stailín, dar le Mao. Tá an Páirtí Cumannach fós i gceannas ar an tSín, cé gurb é an caipitleachas stáit atá faoi réim anois ann.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile