Maighnéadaiméadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gaireas chun neart agus treo réimsí maighnéadacha a thomhas. Thóg Gauß ceann an-luath inar chroch sé maighnéad beag mar luascadán toirsiúin le sreang toirsiúin, ionas go raibh an maighnéad in ann rothlú go saor cothrománach, agus ba thomhas ar neart an réimse tréimhse an ascalaithe. I measc na maighnéadaiméadar nua-aoiseach, ceann amháin is ea an maighnéadaiméadar floscgheata, ina bhfuil péire leictreamaighnéad, fuinnmhithe le foinse sheachtrach voltais ailtéarnaigh, agus gineann siad seo comhartha i gcorna atá timpeall orthu mar fhreagairt ar an réimse atá á dtástáil. Tá maighnéadaiméadair chrióigineacha (nó SQUIDs) ann freisin. Úsáidtear maighnéadaiméadair i bhfeidhmeanna ina mbíonn réimsí maighnéadacha i ngeoifisic agus sirtheoireacht mhiotal.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Maighnéadaiméadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 432.