Geoifisic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aois ghrinneall na farraige

Brainse den gheolaíocht a bhaineann le tréithe fisiciúla ábhair an Domhain agus na próisis fhisiciúla a chinneann struchtúr an Domhain ina iomláine. Tagann seismeolaíocht, geoimaighnéadas, is meitéareolaíocht i gceist, próisis ollmhóra aistriú maise is teasa sa Domhan, agus athruithe i réimse domhantarraingthe an Domhain. Tomhaiseann suirbhéanna geoifisiciúla difríochtaí sa réimse maighnéadach is an réimse domhantarraingthe, agus baintear feidhm astu chun difríochtaí i struchtúr is comhdhéanamh na gcarraigeacha a dhéanamh amach agus taiscéaladh a dhéanamh ar acmhainní ola is mianraí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Geoifisic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 313.