Mael Mórdha
(2008) | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1998 |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1998 – |
Lipéad ceoil | Candlelight Records |
Seánra | Doom metal (en) |
Suíomh gréasáin | myspace.com… |
Is banna miotail Éireannach as Baile Átha Cliath, Éire é Mael Mórdha. Is féidir a ainm a scríobh freisin i gclóghrafaíocht thraidisiúnta na hÉireann, mar Mael Mórḋa. Meascann ceol an bhanna miotal le ceol traidisiúnta na hÉireann chun rud ar a dtugtar “Gaelic doom metal” a chruthú.[1]
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhunaigh Roibéard Ó Bogail (iar-cheoltóir an bhanna Dreamsfear) Mael Mórdha i mí Eanáir 1998. De bharr neart dhá EP dheireanacha an bhanna, Caoineadh na nGael agus Cluain Tarbh, síníodh an banna leis an lipéad Ollannach Karmageddon Media a d’eisigh céad albam an bhanna, Cluain Tarbh ar 12 Meán Fómhair 2005. D'eisigh Sentinel Records leagan eile de theidealrian an albaim ar chéirnín mar eagrán teoranta, roinnte lena gcomh-Éireannaigh Primordial, i ngeimhreadh na bliana 2005.
Mar gheall ar fhadhbanna tromchúiseacha inmheánacha laistigh de Karmageddon agus easpa soláthar dn albam ar fáil, d'fhág an banna an lipéad agus shínigh siad le Grau Records sa Ghearmáin i mí Feabhra 2006. Is é Gealtacht Mael Mórdha an chéad albam a d'eisigh an banna trí Grau Records, ar 19 Márta 2007. In 2008, d’atheisigh Grau Records a gcéad albam le dhá rian breise a taifeadadh roimhe seo ar chéad EP an bhanna, The Path to Insanity.
Chuaigh an banna isteach sa bhabhta Éireannach de Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2005 go déanach i 2004, agus é mar aidhm acu na cluichí ceannais a bhí ar siúl i Kyiv, san Úcráin in 2005 a bhaint amach.[2]
D’eisigh Grau Records an tríú halbam de chuid Mael Mórdha dar teideal Manannán ar 14 Bealtaine 2010.[1]
Idir Samhain 2011 agus Eanáir 2012 rinne Mael Mórdha taifead ar a gceathrú halbam ag Foel Studio sa Bhreatain Bheag, leis an léiritheoir Chris Fielding. Dar teideal Damned When Dead, d’eisigh Candlelight Records an t-albam i Meán Fómhair 2013. I mí Eanáir 2014, d’fhág Roibéard Ó Bogail an banna ceoil. Tháinig an t-amhránaí Celtachor Stíofán De Roiste ina áit i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin.[3]
Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bliain | Albam |
---|---|
2005 | Cluain Tarbh |
2007 | Gealtacht Mael Mórdha |
2010[4] | Manannán |
2013 | Damned When Dead |
PEs/Scoilteana[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bliain | PE |
---|---|
1999 | The Path to Insanity |
2000 | The Inferno Spreads |
2003 | Caoineadh na nGael |
2004 | Cluain Tarbh EP |
2005 | Primordial / Mael Mórdha |
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 “blabbermouth.net - Mael Mórdha To Release 'Manannán' In May - Apr. 19, 2010”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-02-01. Dáta rochtana: 2010-07-24.
- ↑ “Mael Mórdha performing on You're A Star”. YouTube. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-19. Dáta rochtana: 10 October 2020.
- ↑ “Interview : Dave Murphy of MAEL MÓRDHA”. Irishmetalarchive.com. Dáta rochtana: 10 October 2020.
- ↑ Mael Mórdha: New Album Delayed Until Next Year blabbermouth.net.