Móimint leictreach dhépholach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilMóimint leictreach dhépholach
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata


réimse leictreach

An tsiombail p a úsáidtear di, agus an t-aonad cúlóm-mhéadar (C m) lena thomhas.

Nuair atá luchtanna +q is –q scartha l méadar amach ó chéile, is déphol an t-eagar seo, agus is í a móimint dhépholach p = ql. Cainníocht veicteoireach is ea í seo.

Má chuirtear an déphol seo i réimse leictreach, cuireann an réimse casmhóimint i bhfeidhm ar an déphol chun é a ailíniú i dtreo an réimse.

Bíonn móimint dhépholach leictreach ar chuid mhaith móilíní, le lár luchta dhiúltaigh ag fad éigin ó lár luchta dhearfaigh go buan de bharr struchtúr an mhóilín.

Deirtear gur móilín polach é seo, agus is móilín polach é uisce, mar shampla. Is féidir déphoil a ionduchtú i móilíní eile ach iad a chur i réimse leictreach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Móimint leictreach dhépholach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 465.