Ionduchtú leictreamaighnéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Electromagnetic induction

Cruthú fórsa leictreaghluaisnigh (flg, nó emf, ina voltaí) i seoltóir tríd an seoltóir a ghluaiseacht i réimse maighnéadach nó an réimse atá mórthimpeall an tseoltóra a athrú.

De réir dlí Faraday (1831), is ionann an flg a chruthaítear agus ráta athraithe an fhloisc mhaighnéadaigh tríd an seoltóir, méadaithe faoi -1.

É seo is bun le gineadóir srutha ailtéarnaigh (SA) de shaghas an dineamó, agus feidhmiú an trasfhoirmeora is an mhótair.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ionduchtú leictreamaighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 376.