Méiseasóch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

250-65 milliún bliain ó shin. Ré na reiptílí móra, na ndineasár, agus na mamaigh ag teacht chun cinn ag druidim lena deireadh. Laghdaigh meánteocht an Domhain an t-am ar fad. Roinntear an ré seo ina 3 thréimhse. Sa tréimhse Thriasach, 290-195 milliún bliain ó shin, tháinig na dineasáir chun cinn agus thosaigh Pangaea ag titim as a chéile. Sa tréimhse Iúrasach, 195-140 milliún bliain ó shin, tháinig éin is na chéad mhamaigh chun cinn trí éabhlóid ó phéisteanna éagsúla. Ansin tharla an tréimhse Chailceach, 140-65 milliún bliain ó shin, agus ag a deireadh díothaíodh na dineasáir uile is 75% de gach gné bheo ar Domhan, meastar.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Méiseasóch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 449.