An Tréimhse Iúrasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Iúrasach)

Tréimhse gheolaíoch sa ré Mhéiseasóch ab ea an Tréimhse Iúrasach, a bhí ann 195-140 milliún bliain ó shin. Na forbairtí is sainiúla sa tréimhse ab ea na reiptílí móra a bhí i gceannas ar tír, ar muir, is san aer. Bhí na farraigí réasúnta éadomhain agus lán de bheatha (mar shampla, na hamóinítí). Tháinig éin chun cinn den chéad uair, ach bhí mamaigh an-chéadrata (is é sin le rá nach raibh siad chomh forbartha sin).[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iúrasach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 380.