Máirtín Tom Sheáinín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáirtín Tom Sheáinín
1997
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

iTunes: 306727659 Cuir in eagar ar Wikidata

Is láithreoir raidió agus amhránaí sean-nóis é Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha.[1]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba sa bhliain 1989 a thosaigh Máirtín Tom Sheáinín, as an Sruthán Buí i Leitir Móir, ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i stiúideo Chasla i gConamara.

Thosaigh sé ag cur an tsraith amhránaíochta Casadh an tSúgáin i láthair in 1989.

Bhí an clár Togha agus Rogha, atá ar an aer go fóill, ar cheann de na chéad chláir a bhí faoi chúram an chraoltóra nuacheaptha.

I samhradh na bliana 1998, thosaigh sé i mbun an chláir cainte Maidin Samhraidh,

Chuir sé an clár Ardtráthnóna i láthair ar Raidió na Gaeltachta ó 1998 ar aghaidh, clár a raibh sé ina bhun le 22 bliain anuas.

D'éirigh sé as a phost le Raidió na Gaeltachta in 2020, tar éis 31 bliain.[1]

Tagairtí [cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "RTÉ RnaG ag fágáil slán le Máirtín Tom Sheáinín inniu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-01.