Sean-nós (amhránaíocht)
Traidisiún amhránaíochta is ea é an sean-nós. Is stíl amhránaíochta a tugtar ‘an sean-nós’ go hiondúil uirthi – ar fhonnadóireacht na hÉirinn fré chéile, idir Ghaeilge agus Bhéarla. Is stíl amhránaíochta a cloisfear go minic i gConamara sna laethanta seo, ach tá traidisiún láidre in áiteanna eile [1]
Clár ábhair |
[athraigh] Amhránaíocht
Tá an Corn Uí Riada an onóir is airde san amhránaíocht ar an sean-nós. Bíonn ar na hiomaitheoirí amhrán mall amháin a chasadh agus amhrán eile ar luas níos tapa.
[athraigh] Stair
Is téarma é ‘sean-nós’ a tháinig chun cinn le linn athbheochan Oireachtas na Gaeilge, nuair a cuireadh tús le comórtais amhránaíochta mar chuid den fhéile[2]. Bhí lucht an Oireachtais ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir an amhránaíocht dhúchasach (an ‘sean-nós’) agus an cineál amhránaíochta a gcloisfí thart timpeall ar an bpianó i seomraí suite na meán-aicme (an ‘nós nua,’ cheapfá). [3]
[athraigh] Conspóid
[athraigh] Ainm
Inniu tá an téarma ‘sean-nós’ in úsáid go forleathan, ach ní léir go bhfuil mórán ar bith céille leis.
Is é tuairim an amhránaíthe áirithe nár cheart an téarma ‘sean-nós’ a úsáid ar chor ar bith.[4]
[athraigh] Oideolaíocht
Is ealaín ar leith í an amhránaíocht sean-nóis. Mar sin, is tuairim le daoine áirithe ní féidir ealaín a mhíniú don té nach bhfuil sí aige, ach ná cur sin stop le ranganna áirithe. [5]
[athraigh] Tagairtí
- ↑ Mar shampla, tá clú ar Eoiní Mhaidhcí Ó Suilleabháin mar amhránaí ar an “sean-nós”. Rinneadh roinnt clár a raibh sé d'aidhm acu (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus í ag casadh amhrán i stíl na Mumhan. Féach anseo, mar shampla clár TG4 ó 2011) ]]
- ↑ joeheaney.org
- ↑ Máire Ní Choilm ag cur síos ar amhránaíocht ar an sean-nós.
- ↑ Mar shampla, Sorcha Ní Ghuairim. Cuireadh siompóisiam i láthair ag Oireachtas 1943 ina ndearnadh plé ar an gceist seo; féach Róisín Nic Dhonncha, ‘An tOireachtas agus an Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Cruthú agus Sealbhú Traidisiúin,’ i Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil (eag.), Bliainiris 2004, 57-71.
- ↑ Mar shampla Scoil Cheoil an Earraigh
[athraigh] Naisc
- Ceol traidisiúnta na hÉireann
- Canúintí Ceoil , sraith TG4
- Ceol na nOileán , sraith TG4
- Amhráin is Ansa Liom, sraith TG4 ina dtugann máistrí sean-nóis an lae inniu cur síos ar na hamhráin is fearr leo, ar an stíl cheoil a fuaireadar le hoidhreacht agus ar na cúiseanna gur fearr leo amhráin áirithe seachas a chéile.
[athraigh] Naisc Sheachtracha
Amhránaíocht Dhúchasach in Iarthar na hÉireann, Cartlann Joe Éinniú, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2010 - 2011