Lys Assia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lys Assia
Lys Assia.jpg
Lys Assia sa bhliain 2009
Ainm breithe Rosa Mina Schärer
Rugadh 3 Márta 1926
  Rupperswil, Aargau
Náisiúntacht Eilvéiseach
Gairm Amhránaí
Suíomh gréasáin lys-assia.de

Rugadh Lys Assia (Rosa Mina Schärer) ar 3 Márta 1926, i Rupperswil, Aargau, san Eilvéis. Is amhránaí Eilvéiseach í. Rinceoir ab ea í nuair a bhí sí óg, ach sa bhliain 1940, áfach, bhí fonn uirthi a bheith ina hamhránaí.

Nuair a thosaigh Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse sa bhliain 1956, chan Lys Assia mar ionadóir don Eilvéis.[1] (Bhí an comórtas suite ina tír dhúchais an bhliain úd.) Bhuaigh Lys Assia an comórtas, ach chóiméad údarás an chomórtais na pointe mar rún. Refrain an t-ainm a bhí ar an t-amhrán is fearr, ach chan Lys Assia dhá amhrán ar an oíche úd. Ba as Gearmáinis an dara ceann, Das alte Karussell.

Chan Lys Assia arís ann sna blianta 1957 agus 1958.

Tagairtí[athraigh | edit source]