Lughaidh Gearmánach
| Lughaidh Gearmánach Ludwig der Deutsche |
|
|---|---|
| Rí na Ríochta Oir-Fhrancach | |
| Séala le hinscríbhinn agus samhail an rí. | |
| Réimeas | Rí na Baváire: 817-843; Rí na Ríochta Oir-Fhrancach |
| Dáta breithe | c. 806 |
| Dáta báis | 28 Lúnasa 876 |
| Áit bháis | Frankfurt am Main |
| Comharba | Carloman na Baváire, Lughaidh Óg, Séarlas Ramhar. |
| Rítheaghlach | Cairilínseach |
| Céile | Hemma |
Ba gharmhac Shéarlas Mhóir é Lughaidh Gearmánach, (ar a dtugtar freisin Lughaidh II nó Lughaidh an Bavárach), agus freisin ba é an triú mac den Impire Lughaidh Cráifeach é agus a chéad bhean, Ermengarde.
Bronnadh an t-ainmniú 'Germanicus' air go gairid i ndiaidh a bháis toisc go raibh an chuid is mó dá chríoch suite san tsean Germania.
Ceapadh é ina Rí na Baváire sa bhliain 817, ag leanúint cleachtais Shéarlas Mhóir, ríocht áitiúil a bhronnadh ar bhall den teaghlach agus ansin bheadh an té a bhí nuacheaptha aige mar cheann dá chuid leifteanaint agus gobharnóirí áitiúla. Nuair a dheighil Lughaidh Cráifeach, athair s'aige, ag deireadh a réimis sa bhliain 843, cheap sé é ina Rí na Ríochta Oir-Fhrancach, réigiún a bhí suite ar dhá thaobh na hEilbe, ón Iútlainn anoir aneas tríd Thüringer Wald (Gaeilge: an Fhoraois Thúraingeach) isteach chun na Baváire mar atá inniu ann, ó Chonradh Verdun sa bhliain 843 go dtí lá a bháis.