Luach bitheolaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Luach beathaithe próitéine, a bhraitheann ar an meascán aimínaigéad a chuimsíonn sí. Ní bheadh ach luach íseal bitheolaíoch ag próitéin le tiúchan íseal de cheann de na haimínaigéid riachtanacha. Is féidir tomhas a fháil ar an luach bitheolaíoch má thómhaistear an codán den ábhar nítrigineach (aimínaigéad) a ionsúitear i ndáiríre as na haimínaigéid iomlána a ionghabhtar. Bíonn luach ard bitheolaíoch ag próitéiní ainmhithe, cosúil le hubh, ach luach íseal ag próitéiní glasraí, cosúil le glútan.