Long bhriste Inis Mhic an Doirn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iarsma de long de chuid an 16ú nó an 17ú haois is ea long bhriste Inis Mhic an Doirn. Seans gur bhain sí le Armáid na Spáinne. Tháinig tumadóirí áitiúla uirthi sa bhliain 2009 in aice le hAilt an Chorráin i nDún na nGall agus thosaigh an tAonad Seandálaíochta faoi Uisce á scrúdú sa bhliain 2010. Toisc gur láithreán an-neamchoitianta é sholáthair Rialtas na hÉireann airgead chun cuidiú leis an taighde.[1]

Inis Mhic an Doirn.

Tá sí le fáil timpeall 100m amach ó thrá thoir theas Inis Mhic an Doirn, láimh leis an gcuisle a théadh go dtí Ailt an Chorráin. Tá tosach na loinge thiar agus an deireadh thoir, agus tá timpeall 20m den chabhail ann fós. Tá an long ina luí ar an gcuid íochtarach den taobh clé; tá an taobh deas in airde agus é le fáil ina iomláine suas go dtí tús an orlaip, le glúine agus plancra. Tá fearas na stiúrach ann freisin ón post deiridh aniar. D’fhág titim an chocúis roinnt brící dearga ina dhiaidh. Tháinig na seandálaithe ar dhá scupar luaidhe sa limistéar sin sa bhliain 2010 agus iad tite ar an ngrinneall den chuid uachtarach den chabhail. Tógadh an long le hadhmad trom darach. Tá mórán den chuid deiridh ann fós fós: an transam íochtarach, glúine transam, na chéad fhuiteacaí, post deiridh seachtrach agus nasc íochtarach na stiúrach. Bhí cuid den deic íochtarach orlaip ann le glúine agus plancra síleála.[2]

Sa bhliain 2010 rinneadh dhá thrinse bheaga thrialacha ag tosach agus ag deireadh na loinge. Fuarthas breis is 56 déantúsán. Ina measc bhí potaí a rinneadh, is dócha, san Ibéir, blúirí poicealláin agus próicín tríchosach. Bhí caora ordanáis ann, piléir mhuscaed agus arcabas, búcla agus cnaipe ó éide mhíleata, iarsmaí bairille, bosca agus ábhar caoladóireachta. Bhí cuid de na piléir leacaithe, rud a chuirfeadh in iúl gur baineadh feidhm astu i gcomhrac. Sa bhliain 2011 fuarthas fonsaí bairillí, blúirí potaí, rud maiseach bíseach cloiche, breis piléar, téada, crios nó úim, cnámha ainmhí agus babhla adhmaid. Taobh amuigh den long, mar a scaipfí gach a raibh inti agus í ag titim as a chéile, fuarthas breis caor, blúirí luaidhe agus bonn airgid.[3]

Níl sé cinnte fós gur chuid den Armáid an long seo. B’fhéidir gur long armtha thráchta a bhí inti nó soitheach Gaelach den saghas a bhí coitianta i gcuanta Dhún na nGall agus baint aici le tiarnas Uí Bhaoill. Tá staidéar deindreacroineolaíochta á dhéanamh uirthi.[4]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seandálaíocht faoi uisce in Éirinn

Armáid na Spáinne in Éirinn