Lollardachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaLollardachas

Ainmnithe in ómósWalter Lollard Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgluaiseacht reiligiúnach
eiriceacht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Bunaitheoir(í)John Wycliffe Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaAn Mheánaois Cuir in eagar ar Wikidata
Sa léaráid seo ón 19ú haois, taispeántar John Wycliffe ag tabhairt aistriúcháin den Bhíobla, a raibh a ainm air, dá lucht leanúna.

Ba ghluaiseacht reiligiúnach Críostaí próta-Phrotastúnach é an Lollardachas, a bhí ann ó lár an 14ú haois go dtí Reifirméisean Sasanach an 16ú haois. Ba é John Wycliffe,[1] diagaire Caitliceach a briseadh as Ollscoil Oxford sa bhliain 1381, mar gheall ar cháineadh na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí, a bhí i gceannas air ar dtús. Bhí éilimh na Lollardach go príomha le haghaidh athchóiriú na Críostaíochta Thiar. Chuir siad a gcreideamh i dtoll a chéile ins an téacs reiligiúnach 'The Twelve Conclusions of the Lollards ' (Gaeilge: Dhá Chonclúid Déag na Lollardach.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príosún na Lollardach i bPálás Lambeth

Lollard, Lollardi, nó Loller an leasainm dímheasúil coitianta a thugtar dóibh siúd gan chúlra acadúil, a raibh oideachas orthu (más ann ar chor ar bith) i mBéarla amháin, a raibh sé de cháil orthu teagasc John Wycliffe ach go háirithe a leanúint, agus is cinnte gur spreag aistriúchán an Bhíobla go Béarla iad go mór. Faoi lár an 15ú haois, bhí an focal "lollard" ar comhchiall i gcoitinne le 'eiriceach'. Glactar leis go ginearálta gur téarma níos neodraí é an rogha eile, "Wycliffite" (Gaeilge: "Wycliffíteach", a chlúdaíonn na tuairimí céanna ach a bhfuil cúlra acadúil acu.

Deirtear gurbh é an cléireach Angla-Éireannach Henry Crumpe a chum an téarma Béarla, ach níltear cinnte faoina bhunús. Tarlaíonn an úsáid oifigiúil is luaithe den ainm i Sasana sa bhliain 1387, i sainordú Easpag Worcester, i gcoinne cúigear "seanmóirí bochta", nomine seu ritu Lollardorum confoederatos.[2] De réir an Oxford English Dictionary, is dócha go dtagann sé ón Meán-Ollainnis lollaerd , ón bhriathar lollen ("ag monabhar"). Tá an focal i bhfad níos sine ná a úsáid Béarla; bhí Lollardaigh san Ísiltír ag tús an 14ú haois a bhí comhchosúil leis na Fraticelli, Bégaird, agus seicteanna eile ar nós na bProinsiasach séantach.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Roberts, Chris (2006), Heavy Words Lightly Thrown: The Reason Behind Rhyme, Thorndike Press, ISBN 0-7862-8517-6.
  2. 2.0 2.1 Teimpléad:EB1911