Loch na Ceathrún Móire
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is loch in Iorras i gContae Mhuigh Eo é Loch na Ceathrún Móire. Tá sé breis is ceithre mhíle ar fhad, agus beagnach trí mhíle ar leithead. Fionnuisce atá ann. Tá go leor oileán sa loch, agus ba chrannóga iad cuid díobh.