Liu Xiaobo
| Liu Xiaobo 刘晓波 | |
| [[Íomhá:|180px]] | |
| Dáta breithe | 28 Nollaig, 1955 |
| Changchun, Jilin, an tSín | |
| Náisiúntacht | Síneach |
| Gairm | Scríbhneoir, intleachtóir, gníomhaí ar son chearta an duine |
Is intleachtóir, scríbhneoir, gníomhaí ar son chearta an duine, agus príosúnach polaitiúil sa tSín é Liu Xiaobo (Sínis shimplithe: 刘晓波; carachtair Shíneacha thraidisiúnta: 劉曉波; pinyin: Liú Xiǎobō).
D'fhreastail sé mar Uachtarán ar Lárionad Neamhspleách PEN na Síne ón bhliain 2003 i leith. Ar an 8 Nollaig 2008, gabhadh é toisc go raibh sé rannpháirtíocht le Cairt 08 (Sínis: 零八宪章). Gabhadh go foirmiúil é ar an 23 Meitheamh 2009, ar amhras go raibh sé "ag gríosú treascartha in aghaidh cumhachtaí an stáit." [1][2] Cuireadh faoi thriail é ar na cúisimh chéanna ar an 23 Nollaig 2009, agus gearradh pianbhreith a haon déag bliana príosúnachta air agus chaill sé a chearta polaitiúla ar feadh dhá bhliain ar Lá Nollag na bliana 2009. Le linn a 4ú théarma príosúnachta ó 2009-2020, bhuaigh sé Duais Nobel na Síochána an 8 Deireadh Fómhair 2010, le haghaidh "a streachailt fhada agus neamh-fhoréigneach ar son chearta daonna bunúsacha sa tSín." [3][4][5]
Tagairtí [athraigh]
- ↑ Benjamin Kang Lim, China's top dissident arrested for subversion, Reuters, 24 Meitheamh 2009.
- ↑ "刘晓波因涉嫌煽动颠覆国家政权罪被依法逮捕" (Liu Xiaobo Formally Arrested on 'Suspicion of Inciting Subversion of State Power' Charges), China Review News, 24 Meitheamh 2009.
- ↑ "The Nobel Peace Prize 2010 - Prize Announcement". nobelprize.org.
- ↑ "Liu Xiaobo won the Nobel Peace Prize (劉曉波獲諾貝爾和平獎)". RTHK.
- ↑ McKinnon, Mark. "Liu Xiaobo could win the Nobel Peace Prize, and he’d be the last to know". The Globe and Mail. 7 Deireadh Fómhair 2010