Gastaireintríteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Greannú is athlasadh in aon chuid den chonair ghastraistéigeach, de thoradh miocrorgánaigh ionfhabhtaithe de ghnáth. Bíonn saintréithe mar a leanas aige: pianta sa bholg, urlacan, buinneach, agus traochtadh géar i gcásanna áirithe. Má tharlaíonn sé i naíonán, agus an cúltaisce beag uisce is salann a bhíonn aige, féadfaidh an riocht seo a bheith an-trom.