Liosta Míthuiscintí Coitianta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá sa liosta neamhchríochnúil seo ná liosta de roinnt míthuiscintí coitianta. Is é sin tuairimí a nglactar go forleathan leo ach nach bhfuil aon bhunús leo. Níl sé i gceist go mbeadh gach míthuiscint dá bhfuil ann le feiceáil ar an liosta seo.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear go minic go mbíodh vomitarium ag na Rómhánaigh seomra ina ndéantaí bia a chaitheamh aníos toisc méid agus feabhas an bhia trí chéile. Scéal iontach agus inchreidte d’éinne a bhlas bia na hIodáile ar na saolta seo! Monuar níl fírinne ann. B’ionann vomitarium agus pasáiste trína bhfágfadh slua de dhaoine amharclann nó a leithéid. Ón Laidin vomō, vomere, ‘caitheamh amach’ a thagann sé.

Ní raibh Napoléon íseal mar dhuine. Bhí sé 1.7 méadar (5 throigh 7 n-órlach) ar airde agus sa chaoi sin bheadh sé meánach go leor ó thaobh airde taca an ama sin.

Luaitear Balla Mór na Síne mar an t-aon rud a thóg an duine atá infheicthe on spás, ach níl seo fíor. De ghnáth ní bhíonn an Balla Mór féin le feiceáil ar chor ar bith agus tá go leor sruchtúr daonna a bhíonn infheicthe, Pirimidí na hÉigipte mar shampla.

Níl aon fhianaise ann gur chaith na Lochlannaigh clogaid a raibh adharca ainmhithe iontu. Tá na clogid soe le feiceáil in an iliomad scannán agus coimicí ar nós Asterix.

Ní dúirt Marie Antoinette Qu’ils mangent de la brioche (Nach n-íosfaidís cáca). I bhfírinne ní fios go díreach cé a chum nó a cheap an scéal apacrafúil seo. Gach seans gur scríbhneoir a bhí i gceist.

Ainmhithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl sciatháin leathair dall.

Níl aon spéis faoi leith ag an tarbh sa dath dearg. Is é geaitsí an duine leis an mbrat dearg a mheallann na tairbh.

Ní bhíonn fonn chun féinshluabháis ar leimíní. Tig an locht a chur ar scannán Disney a cheap radhcanna a thug seo le fios.

Mata[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair atá imeacht éigin a bhfuil dhá thoradh atá ar chomhdhóchúlacht, bonn a chaitheamh agus é ag socrú ar cheann nó cruit mar shampla, má tharlaíonn an toradh céanna arís is arís eile, níl a mhalairt de thoradh níos dóchúla. Cuir i gcás an roulette, má stadann liathróid ar bhosca dubh 30 uair as a chéile, níl dóchúlacht níos airde go stadfaidh an chéad liathróid eile ar bhosca dearg. Seans 50% fós. Réasúnaíocht bhréige an chearrbhaigh a thugtar air seo.

Reiligiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear go minic gur triúir a bhí i gceist leis An Triúr Saoithe a chonaic réalta, a thug don bhóthar agus a chroch féiríní deasa leo do mhac Dé. I bhfírinne is scoláirí ar an mBíobla a chum gur triúr a bhí i gceist bunaithe ar líon na mbronntanas.

Deirtear gur rugadh Íosa ar an 25ú La Nollaig. Ní luaitear dáta mar sin sa Bhíobla, ach is féidir go dtugann sé dáta éigin i Meán an Fhómhair le fios. Is é an Pápa Iulius I a chéadroghnaigh an 25ú La Nollaig sa bhliain 350 CE mar lá oifigiúil an chomórtha. Is féidir gur roghnaíodh an chéad dáta le dul bonn ar aon le féilte ghrianstad an gheimhridh. Tá an Nollaig millte agam oraibh anois nach bhfuil. Ó agus ní hann do Dhaidí na Nollag ach oiread.

Siamsaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

'Play it again Sam' Mór-ráiteas mórchailiúil an scannáin dhádhathaigh Casablanca. Ach amháin nach ndeirtear sin sa scannán féin, "Play it, Sam" a thagann as béal Ingrid Bergman a ghlac ról Ilsa Lund.

Eolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní bhíonn tionchar ag Iarmhairt Coriolis ar an mbealach a gcasann an t-uisce agus leithreas á sruthlú. Tagann Iarmhairt Coriolis ó chasadh na cruinne uile agus tá sé i bhfad rólag le tionchar a bheith aige ar mhiceascála mar seo. Tagann an iarmhairt chun suntais ar scálaí i bhfad níos mó, treochtaí na n-aigéan agus córas aimsire. Tá an botun seo le feiceáil sa Simpsons.

Ní scartar cumas intleachtúil idir taobh clé agus taobh deas na hinchinne. Tá roinnt feidhmeanna ar fáil ar thaobh faoi leith, amhail cumas urlabhra agus teanga i Réigiun Brocaréigiún Wernicke. Agus bíonn siad seo in úsáid níos mó i dtascanna ar leith. Má dhéantar dochar d'aon cheann de na leathsféir inchinne go luath sa saol duit, áfach, is féidir na feidhmeanna seo a dhéanamh leis an taobh eile. Tá feidhmeanna eile amhail cuimhne, réasúnú ginearálta agus luailrialaithe scartha go cothrom idir an dá thaobh.

Nuair a thagann rocanna i mbarra do chuid méar, níl aon bhaint ag ionsú uisce leis. Is é uathchóras na néaróg a spreagann soitheach-chrapadh logánta. Is féidir gur buntáiste a bhí anseo dúinn san éabhlóid sa tslí is go mbeadh ar ár gcumas breith ar nithe agus sinn ag cur fúinn i dtimpeallacht a bhí faoi uisce.

Éinne a rinne staidéar ar an mbitheolaíocht tamall de bhlianta ó shin d’fhoghlaim siad go raibh áiteanna faoi leith ar an teanga ina mblaisfeá blasanna éagsúla. Tá gach blas le blaiseadh ar an teanga ar fad, áfach. Anuas air sin caitheadh blas amháin eile saor in aisce isteach leo is é sin umami na Seapáinise a chiallaíonn 'blas taitneamhach neamh-mhilis' Is gabhdóirí (nithe beaga ar an teanga a bhlaiseann ábhar) a fhreagraíonn don ghlútamáit, a bhfuil aithne againne air san fhoirm shalannach glútamáit mhonasóidiam nó MSG.

Tá cuimhne sách fada ag an iasc órga, suas le trí mhí nó mar sin,ní an 30 soicind a luaitear go minic.

Ní mharódh pingin duine dá gcaithfí é ó bharr fhoirgneamh mhóir spéire é. Is é an críoch-threoluas (an luas is mó a bhainfeadh sé amach sa treo sin) a bheadh aige is é ag titim ná 48–80 km san uair cuma cén airde óna dtitfeadh sé.

Ní imíonn an t-alcól ar fad as bia le linn cócaireachta, cé go n-athraíonn an t-alcól ina ghal ag pointe níos ísle ná uisce.

Ní smaoiníonn fir faoi comhriachtain a bhualadh gach 7 soicind. Ní féidir seo a mheas.

Meastar uaireanta go dtéann alcól duine. Is cinnte go mothaíonn tú níos teolaí agus alcól ólta agat ach faraor ní fíor níl ann ach go síntear na soithigh fola agus go mothaíonn an craiceann féin te. Is féidir go n-ísleoidh seo teas lár na colainne fiú.

Deirtear go minic go gcailltear 60% nó tuilleadh de theas do cholainne ón gcloigeann. Comhairle gan bhunús atá ann. Níl chailltear ach thart faoi 10% den teas ón gcloigeann. Tá cailliúint teasa i gcomhréir le hachar dromchla mar sin tá sé bunaithe cuid mhór ar an méid craicinn atá ann.

Níl daoine rua ag imeacht as mar a tuairiscíodh.

Ní dhéanann an bearradh gruaig ribí níos tiubha, níl ann ach go mothaíonn ribí níos gairbhe toisc go n-éiríonn siad níos tibhe ag an mbun agus nach bhfuil na taobhanna maolaithe fós.

Níl aon fhianaise ann go gcuireann luí le daoine roimh imirt spóirt isteach ar an gcumas spóirt. Meastar go n-ardaíonn babhta gasta craicinn leibhéil an teisteataróin sna fir fiú agus mar sin go gcuireann sin lena gcumas.