Liaquat Ali Khan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiaquat Ali Khan

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ur) لیا قت علی خان
Beathaisnéis
Breith1 Deireadh Fómhair 1895
Karnal, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Deireadh Fómhair 1951
56 bliana d'aois
Rawalpindi Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú
Áit adhlacthaMazar-e-Quaid (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomh-Aire na Pacastáine
12 Meán Fómhair 2019 – 16 Deireadh Fómhair 2023 – Imran Khan →
Aire na Stát agus na Réigiún Teorann
15 Lúnasa 1947 – 16 Deireadh Fómhair 1951
Aire Gnóthaí Eachtracha
14 Lúnasa 1947 – 27 Nollaig 1949 – Muhammad Zafarullah Khan →
Aire Cosanta na Pacastáine
14 Lúnasa 1947 – 16 Deireadh Fómhair 1951 – Khawaja Nazimuddin →
Aire Airgeadais
29 Deireadh Fómhair 1946 – 14 Lúnasa 1947
← luach ar iarraidh – R. K. Shanmukham Chetty →
Ball den Tionól Lárnach Reachtach
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Exeter - Master of Laws (en) Aistrigh (1919–1921)
Faculty of Law, Aligarh Muslim University (en) Aistrigh
Muhammedan Anglo-Oriental College (en) Aistrigh (–1918)
Minto Circle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisAn Urdúis
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Conradh Moslamach
All India Muslim League (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus An Urdúis
Teaghlach
CéileRa'ana Liaquat Ali Khan (1932–1951) Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Liaquat Ali Khan (Urdúis: لِیاقت علی خان‎ ; 1 Deireadh Fómhair 189516 Deireadh Fómhair 1951) ina Phríomh-Aire ar an bPacastáin, an chéad duine sa phost, ó 1947 go dtí gur fheallmharaíodh é. Tá aithne air chomh maith mar Quaid-e-Millat (ceannaire an náisiún) agus Shaheed-e-Millat (Urdúis: شہِیدِ مِلّت‎ mairtíreach an náisiún),

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Céimí de chuid an Choláiste Angla-Oirthearaigh Mhahamadaigh ba ea é (Ollscoile Mhahamadach Aligarh anois, áit a bhfuair sé BSc Eol Pol; LLB sa bhliain 1918).[1] Fuair sé máistreacht ó Ollscoil Áth na nDamh (Coláiste Exeter) ina dhiaidh sin. Glaodh chun an Bharra air i gCumann Onórach an Teampaill Laistigh sa bhliain 1922.

Mar aon lena chomhghleacaí gairmiúil (agus comhghleacaí páirtí ina dhiaidh sin) Mohammed Ali Jinnah, thosaigh sé mar dhuine a thacaigh le Comhdháil Náisiúnta na hIndia agus chríochnaigh sé mar cheannaire ar an Léig Mhoslamach.

Bhí sé chun tosaigh mar pharlaiminteoir sna Cúigí Aontaithe agus i gComhthionól Reachtaíochta an Láir agus rinneadh ball ríthábhachtach d'ardcheannaireacht na Léige Moslamaí.

Ceannaire an rialtais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ali Khan timpeall 1940

Bhí Ali Khan ina Phríomh-Aire ar an bPacastáin ó bunaíodh í, i mhí Lúnasa 1947, tar éis do Jinnah bás a fháil.

Dréachtaigh Ali Khan agus a chomhghleacaithe "Rún na gCuspóirí"[2]; Is cuid de bhunreacht na Pacastáine é fós. Ghlac An Tionól Bunreachta leis ar an 12 Márta 1949.[3]

1945

Baisteadh an "Magna Carta" ar Rún na gCuspóirí níos déanaí.[4][5] Is leagann síos an tsamhail bhunúsach de phoblacht Ioslamach é. Ach tá an Rún ina hábhar easaontais ón am sin anall idir na fórsaí polaitiúla atá in iomaíocht le chéile sa tír.

Bhí Ali Khan ag streachailt an t-am go léir le smacht a choinneáil ar pholaitíocht fhaicseanach an stáit nua, Bhí na cúrsaí ag dul sa mhuileann air, mar shampla, le heasaontas maidir leis an saghas bunreachta don tír nua, le stádas na mionlach reiligiúnach sa tír, an gaol idir an Phacastáin Thoir agus an Phacastáin Thiar, srl.

Feallmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Curtha i Mazaar e Quaid (másailéam), Karachi in éineacht le Jinnah

Bhí comhchealga míleata ann chun Ali Khan a chur as cumhacht.

Chuathas i mbun comhcheilge chun é a mharú i 1951, an "chomhcheilg Rawalpindi".[6] Ach gabhadh an lucht comhcheilge.

Cúpla lá níos déanaí, bhí Ali Khan ag labhairt i gCompany Bagh, Rawalpindi, os comhair 100,000 duine ar an 16 Deireadh Fómhair 1951 nuair a caitheadh é. Feallmharfóir proifisiúnta a mharaigh é, duine darb ainm Said Akbar as an Afganastáin. Ní fios fós céard ba bhunchúis leis an ionsaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2020-10-16). "Liaquat Ali Khan" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-16.
  2. "Objectives Resolution" (as en) (2020-10-11). Wikipedia. 
  3. storyofpakistan.com (2010-12-19). "Objectives Resolution is passed [1949]". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-12-19. Dáta rochtana: 2020-10-16.
  4. "Pakistan’s Magna Carta | Political Economy | thenews.com.pk" (en). www.thenews.com.pk. Dáta rochtana: 2020-10-16.
  5. Plamen Tonchev (European Institute for Asian Studies) (2007-02-07). "Pakistan at Fifty-Five: From Jinnah to Musharraf". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-02-07. Dáta rochtana: 2020-10-16.
  6. "Rawalpindi conspiracy" (as en) (2020-06-30). Wikipedia.