Lián

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiste a úsáidtear i longa agus eitleáin, den chuid is mó, chun fuinneamh rothlaithe an innill a mhalartú ina shá leanúnach chun tosaigh. Chuige seo cuirtear 1-4 eiteog ar an lián, ag radú amach sa phlána ceartingearach ón mol lárnach, gach eiteog le trasghearradh aereiteoige. De réir mar a rothlaíonn an lián, luasghéaraítear an t-uisce (i gcás na loinge) nó an t-aer (i gcás an eitleáin) ar gcúl, rud a ghineann frithfhórsa chun tosaigh. Is sá nó fórsa tiomána an fórsa deireanach seo a tharchuirtear don soitheach.