Lámhainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lámhainní olla

Is éadach don lámh é lámhainn. Lámhainneoir is ea an duine a dhéanann lámhainní. Caitear lámhainní chun na láimhe a chosaint, iad a choimeád glan nó iad a choimeád te. Déantar d'ábhair éagsúla iad amhail cadás, síoda, olann, leathar, craiceann caorach, rubar agus a lán ábhair eile nach iad. Nuair a mbíonn daoine á scrúdú ag an lucht leighis, caitheann siad lámhainní scrúdaithe aon uaire. Tá siad seo déanta de rubar agus caitear amach iad tar éis don lucht leighis an scrúdú a chríochnú ionas nach scaipfear frídíní.

Lámhainní leathair
Lámhainn scrúdaithe aon uaire

Caitheann daoine atá ag imirt spórt lámhainní freisin. Ní mór do dhornálaí lámhainní dornála a chaitheamh. Déantar de leathar iad seo agus tá ábhar bog ar an dtaobh amuigh, ionas nach gortófar an dornálaí eile in iomarca nuair atá siad á bhualadh. Caitheann cúl báire lámhainní chun greim ceart a fháil ar an liathróid i rith cluiche.

Caitear lámhainní freisin nuair a theastaíonn ó dhuine mias the a chuir isteach nó a bhaint as oigheann te. Bíonn éadach tiubh sna lámhainní seo mar chaithfear lámha an duine a chosaint ón teas. Freisin, nuair a mbíonn an teach á ghlanadh ag daoine, caitheann siad lámhainní chun rudaí salacha a láimhseáil (mar shampla bruscar, an leithreas) nó ionas nach mbeidh a lámha ró-shalach nuair a mbeidh an glantachán déanta acu.